
Jenna Goulding Tá an Ceardchumann Seirbhísí, Tionsclaíoch, Gairmiúil agus Teicniúil (CSTGT) tar éis moladh a dhéanamh don rialtas gur cheart fíneálacha agus smachtbhannaí a ghearradh ar fhostóirí nach léiríonn ‘meon macánta’ i gcainteanna cómhargála le ceardchumainn. Chomh maith leis sin, dúirt an ceardchumann gur cheart deontais stáit agus tairiscintí poiblí a shéanadh ar gach páirtí…

Jenna Goulding Bhí iarcheannaire Shinn Féin Gerry Adams os comhair na cúirte le déanaí mar gheall ar líomhaintí clúmhillte i gcoinne an BBC. Tá an cás ina thríú seachtain anois. Maíonn Adams gur milleadh a chlú i gclár Spotlight in 2016 agus in alt ar líne atá bainteach leis an gclár, nuair a tugadh le…

Ghabh SPTÉ fear i dTúr Dhubhaise an tseachtain seo i ngeall ar an fhiosrúchán ar iarracht Sean O’Reilly a dhúnmharú. Jack Mac Íomhair Ghabhadh fear 61 bliain d’aois an tseachtain seo caite mar chuid d’fhiosrúchán bainteach le hiarracht Sean O’Reilly a dhúnmharú i mí Feabhra. Ligeadh amach ar bannaí é go dtí go mbeidh tuilleadh…
Cathal Ó Murchú Dé hAoine an 9 Bealtaine seo caite d’fhógair an grúpa síochána Lex Innocentium, atá mar chuid de Thogra Síochána na hEorpa, An Forógra Eorpach ar son na Síochána lasmuigh d’Ard-Oifig an Phoist i gcroílár Bhaile Átha Cliath. Bhí léirsithe eile ag Togra Síochána na hEorpa ar fud na hEorpa inar léadh amach…
Eoin Ó Murchú Tá Conradh Neodracht Éireann le dlús a chur lena bhfeachtas in aghaidh phlean an rialtais an glas triarach a chur ar leataobh. Faoin nglas triarach ní ceadmhach saighdiúirí Éireannacha a chur thar sáile ar mhisean coinneála síochána mura bhfuil toiliú ann ón rialtas, ón Dáil agus ó na Náisiúin Aontaithe. Tugadh an…

Mairtín MacEoin In agallamh le Euronews Dé Luain seo caite dúirt an Taoiseach, Micheál Martin, gur cóir don Aontas Eorpach dul i ngleic leis an “mí-úsáid atá á déanamh ag an Ungáir ar cheart crosta”. Luaigh sé an chaoi go bhfuil an Ungáir ag cur bac go rialta ar chúnamh don Úcráin sa chogadh leis…

Cóilín DuffyBhí grúpa scannánóirí cumasacha ó Nemeton TV agus Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt (SETU) ag obair go dian ar feadh na bliana ar a gcuid cláir faisnéise agus drámaí. Bhí an deis acu faoi dheireadh a gcuid scannán a roinnt le cairde, le teaghlach agus le réaltaí i bpictiúrlann Dhún Garbhán i bPort Láirge Dé…
Go dtí deireadh na Meánaoise, bhí Éire faoi fhoraois mhór. in ainneoin an chaillteanais mhóir inniu, tá lorg na flúirse fós inár mbéaloideas, logainmneacha, amhráin, dánta, scéalta agus fiú i gcur síos ar nithe ar leith. Diarmuid Breatnach Bhí Éire clúdaithe ag foraoisí tráth. Tar éis na hoighearaoise, bhain daoine ar shiúl an chuid…

Ar an 22 Aibreán sháraigh dream feachtasaíochta neamhspleách, Save Moore Street From Demolition (SMSFD), a sprioc 1,000 síniú a fháil dá n’achainí caomhnaithe roimh Lá na Poblachta, an 24 Aibreán. Cé go bhfuil feachtas de chineál ar siúl ó 2002 i leith, agus SMSFD ag bailiú sínithe ar an mbóthar ar feadh dhá uair an…

Eoin Ó Murchú Tá cosc curtha ag Iosrael ar an ngníomhaí Palaistíneach mór le rá, Omar Barghouti, taisteal go Baile Átha Cliath chun labhairt ag comhdháil mhór ar chúrsaí reatha na Palaistíne. Is é Barghouti a chuir tús leis an bhfeachtas Baghcat Dífheistiú Smachtbhannaí (BDS) in aghaidh Iosrael. Cé go bhfuil cónaí buan in Iosrael…