
Thug Ciarán Mac Giolla Bhéin an léacht mar chuid d’Fhéile Dhoire Jack Mac Íomhair Mar chuid de na himeachtaí iontacha a bhí ar siúl i mbliana ag Féile Dhoire, bhí imeacht speisialta ann do Ghaeil na Cathrach agus Gaeil na sé chontae. B’óglach, Gaeilgeoir agus gníomhaí é Donncha Mac Niallais ó Chathair Dhoire a cailleadh…
Tá borradh agus bród le brath i measc phobal na Gaeltachta i ndiaidh gur fógraíodh go bhfuil líon suntasach de tháirgeoirí bia Gaeltachta ainmnithe do Ghradaim Bhia Bhlas na hÉireann 2025. Deirtear go léiríonn na hainmniúcháin seo go bhfuil an nuálaíocht agus an cheird thraidisiúnta ag dul lámh ar láimh sna ceantair Ghaeltachta, agus go…
Máirtín Mac Eoin Cruthaíonn an teannas reatha ar fud an domhain nach iarsma den Chogadh Fuar é an t-iomadú núicléach ach contúirt shoiléir atá ag dul i méad 80 bliain i ndiaidh gur leag na Stáit Aontaithe buama ar Hiroshima sa tSeapáin in 1945. B’in an teachtaireacht a tugadh ag comóradh na buamála i mBaile…

Jenna Goulding Tá Oasis sceidealaithe le seinm i bPáirc an Chrócaigh an Satharn agus an Domhnach seo. Tá an dá sheó seo mar chuid den chamchuairt athaontaithe Oasis. Is í an chamchuairt seo an chéad léiriú poiblí ag an mbeirt ó scar siad in 2009. Nuair a fógraíodh a gcamchuairt athaontaithe ar an 27 Lúnasa…

Jenna Goulding Fuair an scannánóir ceannródaíoch George Morrison bás Dé Luain seo caite, agus 102 bliain d’aois curtha de aige. B’as Trá Mhór i bPort Láirge é agus rugadh é ar an 3 Samhain in 1922. D’oibrigh a mháthair mar aisteoir in Amharclann an Gheata i mBaile Átha Cliath. D’oibrigh a athair mar ainéistéiseach néareolaíoch.…

Dheimhnigh an tAire Bonneagair Liz Kimms ag tús na seachtaine go mbeidh achomharc a dhéanamh in aghaidh rialú cúirte. Jack Mac Íomhair Griangraf: Kenneth Allen Ag tús na seachtaine d’fhógair an tAire Bonneagair, Liz Kimmins, go mbeidh a Roinn ag déanamh achomhairc in aghaidh cinneadh cúirte a tugadh ag deireadh mhí an Mheithimh. Chinn an…

Kerron Ó Luain Ceapadh Justin Ó Ceallaigh mar Choimisinéir nua na nGardaí le linn na seachtaine. Tagann sé i gcomharbach ar Drew Harris. Bhí míshuaimhneas inmheánach, míshástacht i measc an phobail agus leasuithe conspóideacha le sonrú le linn ré Harris. Is oifigeach de chuid na nGardaí fadbhunaithe é Ó Ceallaigh, agus meastar gur comhartha é…
Cuirfidh an deontas ar chumas na heagraíochta leanúint dá gcuid oibre go deireadh 2026 Tugann Gnó Mhaigh Eo tacaíocht don lucht gnó i Maigh Eo, agus spreagann siad iad chun an Ghaeilge a úsáid. Cuireann an eagraíocht seirbhís tacaíochta gnó ar fáil mar aon le seirbhís aistriúcháin agus sainchomhairleoireachta teanga. D’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe,…

Jenna Goulding Bhí Kneecap sceidealaithe le seinm ag Féile Sziget i mBúdaipeist ar an 11 Lúnasa, ach chuir rialtas na hUngáire cosc ar an ngrúpa rapcheoil dul isteach sa tír ar feadh tréimhse trí bliana. Thug lucht eagraithe na féile le fios gur dhiúltaigh siad an cuireadh a thug siad do Kneecap a tharraingt siar.…

Cóilín Duffy Deireadh seachtaine seo shaoire bhainc Lúnasa beidh an t-eachtránaí sléibhe ó Chontae na Mí, Dann Cooney, ar a dtugtar @discovering_dann ar Instagram, ag tabhairt faoin dúshlán is déine riamh dó, is é sin Corrán Tuathail i gCiarraí a dhreapadh cúig iarraidh déag as a chéile, gan chodladh gan stad, chun airgead ríthábhachtach a…