Chonaic mé alt le déanaí ag plé ábhar dar teideal bunseirbhísí uilíocha. Chuala go leor daoine faoi bhunioncam uilíoch, sin é go dtabharfaidh an rialtas ioncam rialta do gach saoránach. Le teacht na hintleachta shaorga ginearálta tá géarghá anois le bheith ag obair i dtreo bunioncam uilíoch. Tá samhail de ann maidir leis na healaíontóirí…
Tá ról fíorthábhachtach ag na meáin Ghaeilge i saol cultúrtha agus daonlathach na tíre seo. Is tríothu a scaiptear scéalta ár bpobal, a chaomhnaítear ár dteanga, agus a thugtar ardán do ghuthanna nach mbeadh cloiste murach iad. Ach ceist mhór atá le cur anois: an bhfuil an tacaíocht atá á fáil acu cothrom, cóir nó…
Tá an cogadh idir an Iaráin agus Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Iosrael ar siúl le nach mór mí anois. Thóg sé nach mór an mhí sin do rialtas na 26 contae gníomhú. Céard é an gníomh a rinne siad? 20 cent a bhaint de phraghas an díosail agus 15 cent a bhaint de phraghas an…
Tá brí ar leith ag baint le Lá le Pádraig agus le Seachtain na Gaeilge gach bliain, ach is léir i mbliana go bhfuil fuinneamh úr ag rith tríd an teanga agus tríd an bpobal Gaelach. Ní hamháin gur ceiliúradh é ar ár n-oidhreacht, ach is léiriú soiléir é ar ár bhféiniúlacht bheo, dhinimiciúil agus…
Tá Lá Fhéile Pádraig ag bualadh linn agus beimid uilig ag ceiliúradh. Beidh na polaiteoirí ag dul timpeall an domhain chun branda na hÉireann a chur chun tosaigh. Ina measc beidh an Taoiseach ag dul go dtí an Teach Bán chun bualadh le hUachtarán SAM Donald Trump. Tá conspóid ag baint le bualadh le hUachtarán…
Tá ceist na hinfheictheachta i gcroílár an phlé faoin nGaeilge arís. Gach bliain, le linn Sheachtain na Gaeilge nó ócáidí speisialta ar champais ollscoile, feicimid borradh fuinniúil: póstaeir dhátheangacha, imeachtaí cultúrtha, ciorcail chomhrá agus óráidí faoi thábhacht na teanga. Ach nuair a bhaintear anuas na bratacha agus a chríochnaíonn an fhéile, is minic a imíonn…
Tá Seachtain na Gaeilge buailte linn arís. Beidh go leor imeachtaí ar siúl i rith an chéad lae de Mhárta suas go lá Fhéile Pádraig. Dar ndóigh, is é an phríomhtheachtaireacht an Ghaeilge a úsáid i rith na tréimhse sin cibé méid atá agat. Ach ar nós coileán a fháil um Nollaig, níl an Ghaeilge…
Agus Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge ag teacht go Béal Feirste tá sé tráthúil súil a chaitheamh siar agus chun cinn. Tá an tAcht Gaeilge i bhfeidhm ó 2022. Ba chéim stairiúil é sin don phobal ó thuaidh, toradh ar fheachtasaíocht fhada, dhiongbháilte a mhair ar feadh blianta fada. Ach más fíor gur bhain an ghluaiseacht…
Tá Rialtas na 26 contae ag iarraidh deireadh a chur leis an nglas triarach faoi láthair trí bhille a thabhairt isteach sa Dáil. Tá an Taoiseach ag iarraidh é seo a dhéanamh le tamall anuas. Ach níl an pobal ag iarraidh go n-athrófar an staid reatha de réir na pobalbhreithe is déanaí ó Irish Times-Ipsos…
Is minic a shamhlaítear raidió le micreafón, stiúideo beag agus clár sceidealaithe ceoil nó cainte. Ach sa Ghaeltacht agus sna pobail Ghaeilge ar fud na tíre, is i bhfad níos mó ná sin atá i gceist leis an raidió pobail. Is croílár pobail é, spás cruinnithe, ardán cultúir agus guth neamhspleách do dhaoine nach gcloistear…