Paul Conroy ag éirí as an bpeil idirchontae

Tá Paul Conroy, iarpheileadóir na bliana agus iarambasadóir Gaeilge CLG, tar éis a fhógairt go bhfuil sé ag éirí as an bpeil idirchontae, ocht mbliana déag ó d’imir sé den chéad uair mar imreoir sinsir do Ghaillimh.

D’imir fear Naomh Séamas, atá 37 bliain d’aois, 151 cluiche dá chontae. Ba é an cluiche ceathrú ceannais uile-Éireann in aghaidh Bhaile Átha Cliath i mbliana, inar buaileadh Gaillimh, a chluiche deireanach.

“Sin é,” a scríobh sé ar na meáin shóisialta agus an cinneadh á fhógairt aige. Dúirt sé gur phribhléid dó aisling a óige a chomhlíonadh trí ionadaíocht a dhéanamh ar a chontae ar feadh na mblianta, agus ghabh sé buíochas le gach duine a chuidigh leis.

Paul Conroy ag fáil hgradam imreoir na míosa i mí Iúil 2024

Bhí Conroy ina chaptaen ar fhoireann mhionúir na Gaillimhe a bhuaigh Craobh na hÉireann in 2007. Bliain ina dhiaidh sin scóráil sé sé phointe in aghaidh Ros Comáin ina chéad chluiche sinsir i gCraobh Chonnacht.

Ghnóthaigh sé seacht mbonn sinsir Chonnacht agus bhí sé sa chéad fhoireann sa dá chluiche ceannais uile-Éireann in 2022 agus 2024, nuair a chaill Gaillimh in aghaidh Chiarraí agus Ard Mhacha faoi seach.

Bronnadh gradam pheileadóir na bliana agus a chéad ghradam sárimreora air in 2024. Ba é an tríú peileadóir ó Ghaillimh a ainmníodh mar pheileadóir na bliana, i ndiaidh Ja Fallon agus Declan Meehan.

Ceapadh Conroy ina ambasadóir Gaeilge CLG in 2022. Is Gaeilgeoir líofa é, agus spreag sé imreoirí eile chun an teanga a úsáid agus dearcadh dearfach ina leith a chothú i measc daoine óga.

Beidh ar bhainisteoir nua na Gaillimhe, Éamonn Fitzmaurice, ullmhú do shéasúr 2027 gan an t-imreoir lár páirce. Fágann Conroy bearna mhór ina dhiaidh ó thaobh taithí, ceannaireachta agus scórála de, tar éis dó a bheith ar dhuine de phríomhphearsana na foirne le linn tréimhse fhada dá ghairm agus tionchar suntasach aige ar pheil an chontae.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.