
Cuireadh stailc aon lae na n-oibrithe poiblí, a bhí beartaithe an tseachtain seo, ar ceal nuair a dhein na ceardchumainn margadh leis an rialtas a mhairfidh dhá bhliain agus naoi mí agus a thabharfaidh ardú pá 10.75%.
Cinnte d’fheabhsaigh an rialtas go mór an tairisicnt mhaslach, 7.75%, a mhol siad ar dtús, ach ní bua caithréimeach do na ceardchumainn é mar sin féin.
Tá ráta reatha boilscithe 4.2% ann i mbliana, agus mura dtagann an ráta boilscithe síos go mór tá an chosúlacht ann go mbeidh boilsciú 11.5% ann faoi dheireadh an mhargaidh seo.
Air sin, freisin, tá ceist mhór faoi uaireanta Pháirc an Chrócaigh, is é sin uaireanta breise oibre, go háirithe sna scoileanna agus sna hospidéil, a tugadh gan chúiteamh aimsir COVID. Níl aon chúiteamh beartaithe dó sin sa mhargadh.
Deir an rialtas go mbeidh titim sa ráta boilscithe, rud a chinnteoidh ardú pá go firinneach, ach tá sin ag brath ar réiteach i gcogaí na hÚcráine agus na hIaráine. Níl réiteach ar bith ar na bacáin go fóill maidir leis na cogaí sin, agus níl aon leid ann go mbeidh maolú ar bith ar bhoilsciú fuinnimh.