Beidh cluichí CLG do dhéagóirí iomaíoch i gcónaí, a deir Micheál Martin

Beidh an iomaíocht fós lárnach i gcluichí CLG do dhéagóirí, dar le cathaoirleach Choiste Náisiúnta Forbartha Cluichí an Chumainn, Micheál Martin, a dhiúltaigh don tuairim go bhfuiltear chun deireadh a chur le cluichí iomaíocha sna haoisghrúpaí sin.

Thug Martin an soiléiriú tar éis tuairiscí Dé Máirt faoi thaighde atá le foilsiú go luath ar an líon mór imreoirí óga a éiríonn as cluichí Gaelacha ó aois 12 ar aghaidh. Tá bealaí á scrúdú ag lucht an taighde chun tuilleadh déagóirí a choinneáil páirteach, go háirithe iad siúd idir 13 agus 17 mbliana d’aois.

I measc na mbeart atá luaite tá rialacha a leasú chun níos mó deiseanna a thabhairt d’imreoirí an liathróid a imirt, cluichí a reáchtáil le níos lú imreoirí ar gach taobh agus timpeallacht nach mbeadh an oiread céanna béime ar an iomaíocht inti a chur ar fáil.

Dúirt Martin, áfach, nach ionann moltaí i bpáipéar taighde agus polasaí aontaithe de chuid CLG. Agus é ag labhairt le Spórt RTÉ, leag sé béim ar an difríocht idir féidearthachtaí a fhiosrú agus cinneadh foirmiúil a dhéanamh faoi struchtúr na gcluichí faoi aois.

“Níor cheart é a mheascadh le polasaí aontaithe CLG ná le cinneadh athruithe ollmhóra a thabhairt isteach ar chluichí faoi aois,” a dúirt sé.

Mhínigh sé go bhféadfaí moltaí ón taighde a thabhairt ar aghaidh lena mbreithniú amach anseo, ach go mbeadh tamall maith ann sula sroichfí an chéim sin. Dar leis, bhainfeadh aon fhorbairtí den chineál sin go príomha le cluichí oiriúnaithe a chabhródh le clubanna foirne a chur chun páirce.

Luaigh sé ceantair thuaithe, áit a bhféadfadh deacrachtaí a bheith ag clubanna teacht ar dhóthain imreoirí. D’fhéadfadh cluichí naonúr nó aon imreoir déag an taobh freastal ar riachtanais na gclubanna sin, agus an ghné iomaíoch a choinneáil slán ag an am céanna.

Tá socruithe dá leithéid i bhfeidhm cheana féin i roinnt contaetha, a dúirt sé, agus cluichí aon imreoir déag an taobh á n-imirt ag leibhéal faoi 15 agus faoi 16. I gcontaetha eile, bíonn níos mó ná foireann amháin ag clubanna sna gráid faoi 14, faoi 15 agus faoi 16.

D’aithin Martin go bhfuil fiúntas le formáidí eile a fhiosrú nuair a bhíonn ganntanas imreoirí ag clubanna, nó nuair nach bhfaigheann daoine óga deiseanna fiúntacha imeartha. Ní chiallódh sé sin, áfach, go gcuirfí struchtúir thraidisiúnta ar leataobh ná go gcuirfí an córas céanna i bhfeidhm i ngach áit.

“Is é an cuspóir atá againn sa deireadh ná níos mó daoine óga a choinneáil ag imirt, ag baint taitneamh as ár gcluichí agus ag forbairt tríothu, agus aitheantas a thabhairt don tábhacht agus don luach a bhaineann leis an iomaíocht,” a dúirt sé.

Dúirt sé nach raibh cluichí neamhiomaíocha do dhéagóirí á mbeartú, chomh fada agus ab eol dó. Bhí áit ann do chineálacha éagsúla cluichí ag leibhéal na hóige, ach níorbh ionann sin agus deireadh a chur leis an iomaíocht.

“Ní bheidh cluichí ó faoi 13 go faoi 18 neamhiomaíoch go deo,” a dúirt Martin. Dá gcuirfí cluichí breise ar fáil amach anseo, ba dheiseanna breise imeartha a bheadh iontu.

Tagann an díospóireacht sna sála ar fhoilsiú na tuarascála Cohesion, Clarity and Consistency an mhí seo caite ag rannóg forbartha cluichí CLG. Bhí Martin i gceannas ar an obair sin, inar scrúdaíodh dúshláin struchtúracha agus rannpháirtíochta atá ag cur isteach ar an gCumann le fada.

Tarraingíodh aird inti freisin ar oibrithe deonacha a bheith ag éirí as agus ar dheacrachtaí cóitseála agus forbartha. Cuirfidh an taighde nua leis an scrúdú sin ar rannpháirtíocht, ach de réir an chathaoirligh, beidh coinneáil imreoirí agus cluichí iomaíocha araon mar chuid de chur chuige CLG.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.