
Vincent Broderick ón gCeathrú Mhór i mBaile Locha Riach a chum an port seo. Rugadh é in 1920, i gclann mhór ina raibh páiste dhéag. Nuair a bhí sé cúig bliana d’aois mhúin a mháthair dó conas an fheadóg stáin a sheinm. Thaitin an ceol go mór le Vincent, agus tar éis aistriú go Baile Átha Cliath in 1951, fuair sé an chéad áit i gcomórtas Fhleadh Cheoil na hÉireann in 1955, ag seinm ar fhliúit a chruthaigh sé féin. Bhí sé ag múineadh ceoil leis na Píobairí Uilleann agus ag cumadh an-chuid port ar feadh tréimhse fhada, go dtí go bhfuair sé bás in 2008.