Nócha bliain ríluachmhar Chumann Chluain Árd á gceiliúradh anois

Bhí meas agam i gcónaí ar an eagraíocht Cumann Chluain Árd i mBéal Feirste, agus is iomai údar atá leis sin. Bhí an t-ádh liom gur bhuail mé le baill de ghlúin níos sine, leithéidi Thomáis Uí Mhonacháin, sula bhfuair sé bás, agus, ar ndóigh, le neart daoine ó ghlúin eile atá fós linn, macasamhail Sheáin and Shéamuis Mhic Sheáin.  B’oth liom i gcónai nach raibh sé de phribhléid agam bualadh le hAlf Ó Murchú, Tomás Mac Bhráin, Liam Boomer, Colm Mac Giolla Fhionntáin agus Seosamh Mistéil.

Is é an dara cúis gur mhothaigh mé compordach san áit ná go raibh polasaí acu i gcónaí gan ligean do chursaí polaitíochta teacht isteach sa Chumann. Thaitin sé liom fosta gur daoine iad a bhí sásta cibé cineál oibre a bhí riachtanach a dhéanamh, is cuma más péinteáil na mballaí nó teagasc fhilíocht Thír Chonaill a bhí ann agus, ó 1970, bhí cosc ar an Bhéarla!

Tá siad nócha bliain ar an fhód, buíochas le Dia, agus cuireadh tús lena gceiliúradh Dé Sathairn seo caite, an 7 Samhain, sa bhaile reatha dóibh ar Shráid na Sceiche.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.