Bhí an Ghaeilge le cloisteáil ag céilithe, thar chupáin tae agus ag cluichí biongó i scoileanna ar fud na tíre Dé Máirt seo caite, nuair a thug 22,000 dalta ó 250 scoil faoi dhúshlán Gaeilge24.
Ba é an sprioc a bhí ag feachtas Chonradh na Gaeilge ná daoine óga a spreagadh chun Gaeilge amháin a labhairt ar feadh 24 uair an chloig: ar scoil, sa bhaile, sna siopaí, ag clubanna spóirt agus lena gcairde. Bhí bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna páirteach ann, idir scoileanna Béarla, scoileanna lán-Ghaeilge agus scoileanna Gaeltachta.
I gColáiste Dhún Masc i bPort Laoise, bhí biongó, céilí agus ceol i measc imeachtaí an lae. Thuairiscigh an scoil go raibh atmaisféar den scoth ann agus gur bhain na daltaí an-sult as an gceiliúradh. Chuir sí fáilte ar leith roimh an méid Gaeilge a bhí le cloisteáil ar fud na scoile agus mhol sí iarrachtaí na ndaltaí.