An Ghaeilge mar bhuntáiste gnó á plé ag bricfeasta i gCorcaigh

Ó chúpla focal fáilte ag an gcuntar go branda a thabhairt os comhair an domhain, pléadh na deiseanna atá ag gnólachtaí leas a bhaint as an nGaeilge ag bricfeasta speisialta i gcathair Chorcaí maidin Dé Máirt.

Thug Scéal Nua ionadaithe ó réimsí an bhia, na folláine, na sláinte agus na foilsitheoireachta le chéile in Óstán an Clayton ar Ché an Lapaigh. Bhí úsáid na teanga chun féiniúlacht gnólachta a neartú agus ceangal le custaiméirí a chothú i gcroílár na gcomhráite.

Is togra de chuid na hOifige Fiontair Áitiúil i gCathair Chorcaí agus Chomhairle Cathrach Chorcaí é. Thug Ard-Mhéara Chorcaí, an Comhairleoir Damian Boylan, an t-aitheasc fáilte, agus bhí an craoltóir Dáithí Ó Sé i mbun an dá phainéal.

I measc na gcainteoirí bhí Cóilín Duffy, eagarthóir An Páipéar; Órla Nic Shuibhne ó Ghlór na nGael; Chris Dorgan, oifigeach forbartha Gaeilge na Comhairle Cathrach; Mícheál Ó Lionáird ó Folláin; Peigín Crowley ó GROUND Wellbeing; agus Aoife Kimber ó Mindmymigraine.ie.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.