Bua ag Dlíchumann na hÉireann i gCraobh Bhréagchúirt Uí Dhálaigh 2026

Thug Sadhbh Ní Ghráda agus Áine Ní Chualáin an chraobh leo do Dhlíchumann na hÉireann i mBréagchúirt Uí Dhálaigh 2026, tar éis dóibh an lámh in uachtar a fháil ar fhoireann Ollscoil na Gaillimhe A sna Ceithre Cúirteanna i mBaile Átha Cliath.

Bhí ocht bhfoireann ó institiúidí tríú leibhéal ar fud na tíre páirteach sa chomórtas Dé hAoine, an 6 Samhain. Cuireadh tús leis na babhtaí cáilithe ar maidin in Óstaí an Rí, sular aistríodh an comórtas go dtí na Ceithre Cúirteanna don bhabhta ceannais tráthnóna.

Ba iad Tomás Ó Canáin agus Cianna Cullen a bhí ar fhoireann Ollscoil na Gaillimhe A. Sa chraobh, rinne an dá fhoireann argóintí dlí trí Ghaeilge faoin gcás bréagach An Pobal, ar Agra an Stiúrthóra Ionchúisimh Phoiblí v. Aoife Ní Chléirigh.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.