Costais fuinnimh ag brú an bhoilscithe go 4.3%

Tá costais fuinnimh ag cur brú breise ar theaghlaigh, agus an ráta boilscithe ardaithe go 4.3% sa bhliain go Deireadh Fómhair. Léiríonn figiúirí nua ón bPríomh-Oifig Staidrimh gur tháinig méadú 74.4% ar phraghas ola téimh tí thar an tréimhse chéanna.

Bhí an ráta bliantúil ag 4.1% i mí Mheán Fómhair. Dúirt Anthony Dawson, staitisteoir leis an oifig, gurbh é ráta Dheireadh Fómhair an ceann ab airde ó mhí na Nollag 2023, nuair a bhí boilsciú ag 4.6%.

Níor bhain na harduithe le téamh tí amháin. D’ardaigh praghas an díosail 27.9% agus praghas an pheitril 16% le bliain anuas. Tháinig méadú 6.7% ar phraghsanna leictreachais agus 6.3% ar phraghsanna gáis. Bhí táillí aeir 16% níos airde, agus méadú 12% tagtha ar sheirbhísí poist agus cúiréireachta.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.