Cúig chúl agus an chéad chraobh iomána do Na Gaeil Óga

Na Gaeil Óga tar éis Craobh Iomána Mhionúir E PTSB Bhaile Átha Cliath a bhuachaint.

Bhain Na Gaeil Óga a gcéad chraobh san iomáint Dé Domhnaigh an 15 Samhain nuair a bhuaigh siad Craobh Iomána Mhionúir E PTSB Bhaile Átha Cliath. Bhí 3-5 ag Caolin Reilly i mbua 5-11 in aghaidh 1-11 ar Scoil Uí Chonaill i bPáirc Naomh Caitríona, agus ba ag an gcéad ghrúpa a tháinig aníos go leibhéal na mionúr leis an gclub lán-Ghaeilge a bhí an bua.

Bhí na Gaeil Óga chun tosaigh ón tús. Sna chéad nóiméid chuir Reilly poc saor ó thart ar 25 méadar isteach san eangach. Chuir sé dhá chúl eile leis agus fuair Aaron Reilly agus Tadhg Ó Breacáin cúl an duine. Tháinig feabhas ar Scoil Uí Chonaill de réir mar a chuaigh an cluiche ar aghaidh, agus craobh sa pheil agus san iomáint araon á lorg acu, ach bhí an iomarca le déanamh acu tar éis thús láidir ag an bhfoireann bhaile.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.