Síofra O’Shea roghnaithe ag na himreoirí agus seacht ngradam sárimreora ag Gaillimh

Vótáil peileadóirí idirchontae ar son chaptaen Chiarraí, Síofra O’Shea, mar Imreoir Sinsearach na Bliana TG4, agus bhain curaidh na hÉireann Gaillimh seacht n-áit amach ar fhoireann sárimreoirí na bliana. Bronnadh na gradaim ag an bhféasta bliantúil in Óstán Bonnington i mBaile Átha Cliath oíche Dé Sathairn an 14 Samhain i gcomhar le Lidl. Fuair Saoirse Wynne ó Ros Comáin agus Sara Doyle ó Cheatharlach gradaim rogha na n-imreoirí ag an ngrád idirmheánach agus ag an ngrád sóisearach faoi seach.

Bhí dhá ghradam ag O’Shea ar an oíche agus imreoir Ghaeil an Deiscirt roghnaithe ar fhoireann sárimreoirí den dara bliain as a chéile. Threoraigh sí Ciarraí chuig craobh sinsearach na Mumhan agus chuig cluiche ceannais na hÉireann den cheathrú huair taobh istigh de chúig bliana. Chríochnaigh sí mar phríomhscórálaí chraobh shinsearach na hÉireann le 3-30.

Bhí 1-8 ag O’Shea sa bhua leathcheannais ar Bhaile Átha Cliath, curaidh na bliana roimhe sin. Thuill an taispeántas sin gradam Imreoir na Míosa do mhí Iúil di ó Óstán Pháirc an Chrócaigh agus ó Chumann Pheil na mBan. Chuir sí cúig chúilín leis an iomlán sin sa chluiche ceannais i gcoinne na Gaillimhe i bPáirc an Chrócaigh. Bhí Olivia Divilly as Gaillimh agus Aimee Mackin as Ard Mhacha san iomaíocht léi don ghradam.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.