Tús curtha le camchuairt náisiúnta Tinteán i Ráth Chairn 

Cuireadh tús i Ráth Chairn le sraith cruinnithe náisiúnta de chuid Tinteán Dé Céadaoin, an 30 Meán Fómhair, agus imní á léiriú faoi thionchar treoirlínte nua pleanála ar thithíocht agus ar inmharthanacht phobail na Gaeltachta.

D’eagraigh an grúpa an cruinniú chun cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht a phlé agus chun cur síos a thabhairt ar na hathruithe atá molta i ndréachtráiteas náisiúnta pleanála. Tá tuilleadh cruinnithe beartaithe i gceantair Ghaeltachta ar fud na tíre sna seachtainí amach romhainn.

Thug John Prendergast, bainisteoir abhcóideachta Tinteán, léargas ar obair na heagraíochta agus ar an staid reatha ó thaobh na pleanála de. Bunaíodh Tinteán in 2024 chun brú a chur ar an rialtas tithe a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta, ar mhaithe le hinmharthanacht na bpobal sin a chinntiú. Tá soláthar tithíochta do mhuintir na Gaeltachta agus todhchaí na Gaeilge sna pobail sin lárnach san obair.

Dar le Prendergast, tá na cosaintí atá sna pleananna forbartha faoi láthair lagaithe sa dréachtráiteas náisiúnta atá á ullmhú chun treoirlínte a leagan síos do thithíocht sa Ghaeltacht.

Mhínigh sé go gcuirtear céatadán áirithe de thithe in áirithe do chainteoirí Gaeilge faoi na socruithe reatha. I nGaeltacht Thír Chonaill, mar shampla, dúirt sé go bhfuil 85 faoin gcéad de na tithe in iarratais phleanála in áirithe do Ghaeilgeoirí.

Sa dréachtráiteas, áfach, tá sé beartaithe an céatadán sin a bhunú ar chéatadán na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa cheantar lena mbaineann. Léiríodh imní ag an gcruinniú faoin tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an gcur chuige sin ar phobail ina bhfuil an Ghaeilge fós láidir.

I gcás Ghaeltacht na Mí, mhínigh Prendergast go bhfuil Ráth Chairn agus Baile Ghib san aon cheantar pleanála amháin. Dar leis, íslítear an céatadán dá bharr sin agus ní chuideoidh na treoirlínte molta le pobal Ráth Chairn.

Tá comhairliúchán poiblí le reáchtáil faoin dréachtráiteas amach anseo. Beidh deis ann, dá bhrí sin, tuairimí a thabhairt faoi na moltaí agus faoin gcaoi a bhféadfaidís dul i bhfeidhm ar sholáthar tithíochta do chainteoirí Gaeilge.

Leanfaidh camchuairt Tinteán ar aghaidh i nGaoth Dobhair an 5 Deireadh Fómhair agus i dtuaisceart Dhún na nGall an 6 Deireadh Fómhair. Beidh cruinnithe ar siúl in Inis Meáin an 13 Deireadh Fómhair, i gCois Fharraige an 14 Deireadh Fómhair agus i Múscraí an 28 Deireadh Fómhair.

Tá cruinniú beartaithe i gCiarraí Thiar i mí na Samhna, ach níl dáta sonrach luaite go fóill. Beidh an chamchuairt i gCathair Chorcaí ar an 10 Samhain agus sna Déise ar an 11 Samhain.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.