Agus an crosfhocal seo á dhéanamh agat, bain úsáid as Focloir.ie, Teanglann.ie agus Tearma.ie. Cabhróidh siad leat na leideanna a fhuascailt.

Trasna
4. Sliogán a bhíonn greamaithe do na carraigeacha cois farraige (9)
8. Eolas conas a oibríonn nó atá rudaí (8)
11. Srón (3)
13. Ceanndána (8)
14. Oscailte agus cabhrach (9)
15. Roinn, briathar (4)
17. Rudaí ata i do cheantar féin, aidiacht (7)
18. Cuireann tú isteach sa chlúdach leis an litir féin (5)
20. _________ aiseolas nuair a iarraim é (7)
21. Faoi, an chéad phearsa iolra (5)
24. Lofa (5)
27. Bac (4)
29. Gruaig ar d’aghaidh, ginideach (8)
32. Iomlasc (7)
33. Scamall (4)
34. Ba, iolra(8)
35. Balla nó sceach ar thaobh an bhóthair nó na páirce (4)
36. Meabhair, bíodh _________ agat (5)
37. Cineál arbhair a úsáidtear chun uisce beatha a dhéanamh (5)
40. Ní dhéanfainn é ar ____ ná ar airgead (2)
42. RTÉ nó TG4 cur i gcás (9)
47. An chosaint is mó atá ag an nathar nimhe, ginideach (6)
50. Ní _________ ná uasal ach thíos seal thuas seal (5)
51. Bruíon (5)
52. Cuid de chóta a chlúdaíonn an ceann (7)
Síos
1. Má tá tú san fheithicil seo tá tú ar do shlí chuig an ospidéal (10)
2. Barr na snáthaide (4)
3. Feictear iad sna pictiúrlanna (8)
4. Cuirtear ar an leaba iad (9)
5. Coitianta (7)
6. Aiceanta (8)
7. Rud a fheictear i mbríonglóidí (7)
9. Cumhacht (5)
10. Déanann an dalta é chun a chuid eolais a léiriú (5)
12. Cuirtear cáin ar an dúil seo chun an aeráid a chosaint (6)
16. Nuair atá cinneadh le déanamh idir dhá rud bíonn ort é seo a dhéanamh (5)
21. Sos ón mbrú (9)
22. Brón (5)
23. Ábhar tine a fhaightear sa phortach (4)
24. Lóistín cosúil le tithe ósta ach níos saoire de ghnáth, iolra 6)
25. Feidhm (8)
26. Gníomh uafásach, gníomh _________ (8)
28. Bean, nó fear b’fhéidir, a thaistealaíonn ar scuab agus a bhfuil cat léi nó leis (9)
29. Deifir, ginideach (6)
30. Scil a bhaineann le líníocht, péinteoireacht agus dealbhóireacht, ginideach (7)
31. Nuair a dhoirtear leacht bíonn seo mar thoradh air (7)
38. Capall fireann (5)
39. Is féidir le líne a bheith díreach nó mar seo (4)
41. Línte timpeall do shúile (4)
43. Díol (4)
44. Anáil a tharraingítear nuair atá tuirse ort (4)
45. Radhairc ar rud ar féidir leis tarlú sa todhchaí (3)
46. Éiríonn sé as uisce fiuchta (3)
48. Ainmhí feirme a bhfuil dath bándearg air de ghnáth (3)
49. Amhras nó coinníoll (3)
Freagraí ar Crosfhocal #100
TRASNA: 1. Fháistineach 6. Bóithre 11. Ata 12. Abracadabra 13. Rís 14. Ainbheart 17. Gin 18. Arda 19, Ag 20. Ruairí 22. Tart 23. Chách 24. Earcail 25. Srón 27. Aite 28. Altú 29. Nóin 30. Tailm 31 Cath 32. Fanacht 34. Intel 37. Boinn 39 Iomrá 42. Pinginí 43. Aeraíocht 44. Fál 46. Buí 47. Áfach 48. Tánaiste 49. Gannchuid 50. Ceannt
SÍOS: 1. Feadóg Stáin 2. Álainn 3. Seamróg 4. Iardheisceart 5. Eochair 6. Codanna 7. Bua 8. Ithir 9. Hari 10. Eisceachtúil 15. Harare 16. Tamhlacht 19. Ateangaire 21. Ullamh 25. Stacán 26. Nimhiúil 32. Fuinneog 33. Clár 35. Lon Dubh 37. Bocht 38. Intinn 40. Matáin 41. Síth 42. Páiste 45. Bean