Rúndiamhair Chill Stuifín á fiosrú i gclár faisnéise nua ar TG4

Tabharfar faoi cheann de na finscéalta is cáiliúla i mbéaloideas na hÉireann i gclár faisnéise nua, Cill Stuifín, a chraolfar ar TG4 Dé Máirt, an 13 Deireadh Fómhair, ag 9.30 pm.

De réir an tseanchais bhí sráidbhaile darb ainm Cill Stuifín suite amach ó chósta an Chláir tráth, sular shlog an tAigéan Atlantach é. Tá míniúcháin éagsúla tugtha ar a imeacht leis na céadta blianta, idir mhaidhm bháite agus mhallacht a cuireadh ar an áit.

Sa chlár nua, tabharfaidh an béaloideasóir Aindrias de Staic faoi rúndiamhair an tsráidbhaile a fhiosrú, agus é ag leanúint den obair thaighde a rinne a athair nach maireann.

Agus béaloideas agus eolaíocht á dtabhairt le chéile, féachfar le fáil amach an bhfuil bunús stairiúil leis an bhfinscéal agus an bhféadfadh tubaiste nádúrtha a bheith taobh thiar de.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.