Amhrán na seachtaine: Ag gabháil go Baile Átha Cliath domh


Ag ‘gabháil go Baile Átha Cliath domh san chéad lá den tseachtain.
Tharlaigh cailín óg domh a dtug mé mórchion díthe is taitneamh.
D’fhiafraigh mé i nglór chiúin di: ‘Cá gcónaíonn tú a shearcrúin?’
‘Is i dTuaifín atá mo lóistín is m’áit chónaí le fada.’

‘Ceist agam fhéin ort ós tú is deireanaí a d’fhág a’ baile.
Cad é mar tá do chéile nó an féidir go maireann?’
‘Tá sí tinn tréithlag i bhfiabhras na leapa
Agus mise le trí ráithe ag na liaigh a mo chreachadh.’

‘Cér mhiste duit féin é da dtéadh sí faoi thalamh.
Gheofá bean is spré léithe, dúiche shaor agus fearann.
Bheadh airgead i do phócaí agus ór buí le caitheamh
Agus Máire an chúil óirbhuí le bheith ag cóiriú do leapa.’

‘Ainnir na ndual buí ná h-iarr thusa mo mhealladh:
Tá muirín beag óg orm is ní rún liom iad a scaipeadh.
Ní bheadh airgead i mo phócaí ná ór buí le caitheamh
Ná aon chailín óg deas le bheith ag cóiriú mo leapa.’

‘Dár brí na dtrí leabhra mura labhraí tú go ciúin liom
Bhéarfaidh mé liom thú fá ghleanntáin ar uaigneas,
Bhéarfaidh mé fán choill thú mar a gcónaíonn an éanlaith,
Mo chreach ‘a bhfaca mé an lá údaí a raibh clann agam féin leat!’

‘Ainnir na ndual buí cá raibh tú le fada?
Níl aithne agam féin ort, ná ag aon neach ins na bealaí.
Tá dath na gréine orm, na gaoithe is na fearthainne.
Is gur tráthnóna Dé Domhnaigh a tógadh ins a’ bhruíon mé.’

‘A mharcaigh, dá mba liom thú nár dheas a nífinn do léine,
Chan in uisce dubh srutháin ná le rabhartaí an tsléibhe,
Ach le fíon na Fraince is le brandaí ina dhiaidh sin,
Is nach deas mar a thuarfainn i ngrian a’ tráthnóna í’

‘Shiúlfainn oíche is lá leat, is ceithre cearnaibh na hÉireann.
Is rachainn chun na Spáinne leat, a ghrá geal, dá bhféadfainn.
Mo lucht gaoil agus páirte go brách brách go dtréigfinn,
Dá dtógfá ón bhás mé is a rá gur leat féin mé.’

‘Éireoimid amárach go hard ins na bealaí,
Agus rachaidh muid ins an áit sin ar ghnách linn a bheith seal ann.
Fiafróidh ár gcairde dínn cá rabhamar le fada,
Is go síoraí beidh grá agam ort, a Mháire ’n chúil daite.’

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.