Tháinig slua mór le chéile i bPáirc an Chrócaigh Dé Sathairn seo caite don chéad fhóram riamh a d’eagraigh Dubs le Gaeilge. Bhí an lá dírithe ar phlé a dhéanamh ar an gcéad phlean Gaeilge eile a bheidh ag CLG Bhaile Átha Cliath don tréimhse 2027-2030, agus tháinig oifigigh na Gaeilge ó chlubanna ar fud an chontae le chéile in éineacht le heagraíochtaí Gaeilge éagsúla don ócáid.
Ar an bpainéal a labhair leis an lucht freastail bhí ionadaithe ó chroílár shaol na Gaeilge agus na peile: Jamie Ó Tuama ó Rannóg Cumarsáide CLG, Aisling Uí Dhuibh ó Choiste Scór Bhaile Átha Cliath, Seán de Paor ó Ghlór na nGael, Aodán Ó Ceallaigh ó CLG Naomh Uinseann, Darren Ó Rodaigh ó Ghaelchultúr, agus Séamie Ó Néill, Oifigeach na Gaeilge agus an Chultúir le CLG Bhaile Átha Cliath.