Tá RTÉ ag smaoineamh ar shrian a chur lena chlúdach teilifíse ar dhá chluiche Shraith na Náisiún idir Poblacht na hÉireann agus Iosrael níos déanaí an mhí seo agus ag tús mhí Dheireadh Fómhair.
Cé go gcraolfaidh an craoltóir náisiúnta na cluichí beo, tuigtear nach mbeidh aon láithreoir, anailísithe ná clúdach stiúideo mar chuid de na craoltaí. Táthar ag súil freisin nach mbeidh tráchtaireacht ó fhoireann RTÉ le cloisteáil agus go mbainfear úsáid as an bhfotha idirnáisiúnta a chuirfidh UEFA ar fáil.
De réir The 42, tionóladh cruinniú idir baill den ardbhainistíocht in RTÉ Déardaoin seo caite chun plé a dhéanamh ar an gcaoi ar cheart don chraoltóir déileáil leis na cluichí conspóideacha. Táthar ag súil le cinneadh deiridh go luath an tseachtain seo chugainn.