An bhfuilimid ag rince leis an Diabhal?

Tá traidisiún rince ársa againn in Éirinn, agus is léir leis na céadta go bhfuil an rince i gcónaí lárnach i saol sóisialta na ndaoine. Cé nách bhfuil fhios againn go cruinn na saghasanna rince a bhí i gceist sa tír roimh an séú haois déag, tuigtear go mbíodh an rince comónta le linn ceiliúrtha agus deasgnátha éagsúla chomh maith le teacht le chéile soisialta. Tá tagairtí ann do rincí ciorclacha agus rinncí fada sa séú haois déag, agus níos mó eolais againn maidir le steipeanna uaidh sin ar aghaidh. 

Bhíodh na máistrí rince an-tábhachtach sa seachtú haois déag ar aghaidh go tús an fhichiú haois. Múinteoirí ba ea ia na máistrí seo a thaistil fud fad na tíre. D’fhanaidís, de gnáth, in áiteanna ar feadh cúpla seachtain agus iad ag teagasc agus ag rince sa dúiche sula rachaidís ar aghaidh go dtí an chéad dúiche eile. Mhúinidís daoine óga le rincí simplí a dhéanamh agus is iad na máistrí seo a cheap na rincí níos deacra cosúil leis an Londubh agus Lá ’le Pádraig chun freastal ar na rinceoirí maithe. Bhí baint ag na maistrí le forbairt na seitrincí chomh maith tar éis na quadrilles teacht chugainn ón bhFrainc ag deireadh an ochtú haois déag. Faoin tráth gur shroicheamar an fichiú haois bhí leaganacha éagsúla seiteanna forbartha timpeall na tíre agus stíleanna réigiúnacha an-soiléir leagtha amach ó Sheit Chonamara go Seit na Lansaithe i mBaile Átha Cliath agus Seit na Caladóine i gContae an Chláir go Seit Chiarraí Thiar gan ach cúpla ceann a lua. 

Nuair a bunaíodh Conradh na Gaeilge in 1893 tá baint ag an eagraíocht le rince, agus is tríd an gConradh a reachtáladh na céad chéilithe móra. Reachtáladh an chéad chéilí i Londain in 1897 agus is iad an Conradh a bhí taobh thiar de Choimisiún le Rincí Gaelacha a bhunú in 1929, agus foilsíodh an leabhar Ár Rinncidhe Fóirne. Ba iad sin a bhí, agus atá fós, bainteach le feiseanna a reáchtáil agus tá foirmiúlacht bainteach leis an gcóras ó thaobh múinteoirí a bheith cláraithe, na saghasanna steipeanna a bhíonn á múineadh, na cultacha, na peiriúicí, agus cur chuige na gcomórtas ar fad. 

Chuir an rialtas, le tacaíocht ón gcléir agus an Conradh, Acht na Hallaí Rincí i bhfeidhm in 1935, dlí a chuir cosc ar rincí agus ceol sóisialta taobh amuigh de na rincí a bheadh á n-eagrú go foirmiúil. Chiallaigh sé sin nach raibh cead bailiú ag an gcrosaire a thuilleadh ná i dtithe príobháideacha. Cuirtear síos go maith ar an tréimhse seo sa scannán Jimmy’s Hall. Cuireadh an dlí i bhfeidhm go mór ar feadh cúpla bliain agus d’fhás an banna céilí amach as an tréimhse. An bhuairt is mó a bhí ar an gcléir, agus an rialtas an uair sin, ná go mbeadh daoine róscaoilte dá mbeidís ag rince steipeanna agus stíleanna ar nós an Foxtrot. Theastaigh ó na daoine i gcumhacht an uair sin go mbeadh gach éinne bailithe i halla faoi stiúir an tsagairt nó an gharda agus na fir ar thaobh amháin, na mná ar an taobh eile, agus rincí saonta deasa á rince. N’fheadar cad a cheapadís d’oíche Dé Sathairn ag an Oireachtas! 

Cé go bhfuil fhios againn ar fad faoin seó Riverdance agus an méid a bhain sé amach, chomh maith leis na deiseanna a thug sé do rinceoirí agus seónna eile teacht chun cinn, braithim féin go bhfuil an borradh atá tagtha ar rince ar an sean-nós ar cheann de na gnéithe is deise maidir leis an traidisiún inniu. Bímid ar fad ag súil leis na comórtais Steip ag Oireachtas na Gaeilge le hóg agus aosta ar stáitse, stíleanna éagsúla rince le feiscint, seanchas agus cruthaitheacht le feiscint ag an am gcéanna. 

Tá togra rince ar siúl faoi láthair agus turas á thabhairt aige mórthimpeall na tíre, is é sin Tá an Diabhal sa Halla Rince, arna stiúradh ag rinceoir ó Chontae Liatroma, Edwina Guckian. Taispeántas ceoil agus rince álainn idirghníomhach is ea é, ach lasmuigh den taispeántas tá an togra ag iarraidh aird a tharraingt ar Acht na Hallaí Rincí atá fós ina dhlí oifigiúil againn. Chuaigh mé sa seans leis an diabhal an tseachtain seo caite i Halla na Cathrach i gCorcaigh agus b’iontach an oíche a bhí ann le banna ceoil Gralton, in ómós Jimmy Gralton ó Jimmy’s Hall, agus 600 rinceoir ar an úrlár. Má bhíomar ag rince leis an Diabhal, ba mhór an pléisiúr a bhí ann, agus dearfainn libh dul sa seans chomh maith má bhíonn Edwina agus a cairde ar cuairt chugaibh! 


Tá Aoife Granville ina léachtóir le Béaloideas i gColáiste na hOllscoile Corcaigh.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.