Grianghraf: Aoife Granville

An t-am seo bliana bíonn cleamairí agus dreoilíní ag cuimhneamh ar chúrsaí tuí agus conas a bheidh caighdeán an tuí chun na cultacha a bheidh uathu do mhí na Nollag a dhéanamh. Gan dabht bhaintí úsáid níos fairsinge as an tuí ar feadh na gcéadta sa tír seo. Téann úsáid an tuí in Éirinn siar go dtí an Aois Neoiliteach, timpeall 10,000 RC go timpeall 2,000 RC, toisc nithe cosúil le ciseáin tuí atá fágtha i bportaigh na tíre. 

Toisc a fhorleithne is a bhí an tuí ar fheirmeacha agus ar thalamh na tíre, d’úsáideadh daoine é chun gach aon saghas ruda a dhéanamh, agus bhí ceardaíocht ar leith bainteach leis. Ó thochtanna go tithe na gcearc, cathaoireacha súgáin go cathaoireacha iomlán déanta as tuí, bréagáin go diallaití, ábhar ríthabhachtach ab ea é a bhí le feiscint i ngach tigh. Gan dabht bhíodh na díonta tuí comónta in Éireann ach, chomh maith leis sin, bhíodh an tuí le feiscint lasmuigh den tigh mar chomhartha fáilte do dhaoine, saghas bunchairpéad dearg is dócha. Chinnteodh an blúire beag tuí lasmuigh den doras d’éinne go raibh fáilte rompu buaileadh isteach agus chuirtí lasmuigh den doras é oícheanta áirithe ar nós Oíche na dTrí Rithe chomh maith. Bhí sé praiticiúl leis agus chabhraíodh sé smúit agus salachar a choimeád amach as an tigh. 

Gan dabht bhí creideamh láidir ann maidir le cumhacht an tuí. Tá an tuí ceangailte le torthúlacht, cosaint agus ádh. Chuireadh daoine blúire beag tuí faoi leaba lanúine nuaphósta ar mhaithe le hádh ar an gcéad oíche agus bhí an-chuid nósanna bainteach leis, cosúil le tuí barrloiscthe a bheith curtha i dtithe na gcearc agus in aice le hainmhithe eile chun iad a chosaint. Thugadh an tuí cosaint ó ghalair nuair a mheasctaí le tine é agus ní hamháin d’ainmhithe. Bhí creideamh láidir sa tír seo go gcabhraíodh an tuí barrloiscthe greim a choimeád ar an bplá agus galair thógálacha eile trí na céadta. 

Tá tagairtí don tuí i gcasadh an tsúgáin sna hamhráin agus dánta agus gnáthnós ba ea é sin i dtithe tuaithe. Chastaí an súgán chun é a láidriú agus é a chur in oiriúint do dhéanamh na gcathaoireacha agus tochtanna go háirithe. Tá smuta áirithe den traidisiún seo beo ach is coitianta cathaoireacha súgáin bréagacha a fheiscint sna tithe tábhairne traidisiúnta ná fíorchathaoireacha súgáin a bhraithim na laethanta seo.  

Dheintí brídeoga agus bréagáin as tuí agus luachar go minic, ní hamháin Lá Fhéile Bríde i mí Feabhra, ach tríd an mbliain. Is féidir bábóg dheas a dhéanamh go tapa le tuí agus í a ghléasadh le héadaí agus bláthanna. Is nós idirnáisiúnta é seo leis agus bábóga arbhair an-choitianta i dtíortha áirithe, Sasana, an Bhriotáin agus an Tuirc an áireamh, agus is bronntanas comónta iad sna traidisiúin sin do lánúineacha nuaphósta. 

Tá traidisiún na gcleamairí ann fós in Éireann agus baineann caitheamh na gcultacha tuí leis an torthúlacht agus ádh arís. Mar a chéile atá an tuiscint thar lear i Sealtainn, mar shampla, agus áiteanna sa Bhreatain agus i dtraidisiúin áirithe de chuid na Gailíse agus Asturias. Cé gur i lár an gheimhridh is comónta a bhíonn na cleamairí amuigh, feictear iad go fóill ag bainis anseo is ansiúd, traidisiún eile a tharraingíonn ádh ar dhaoine ar feadh na mblianta chomh maith. 

Chun na hataí agus sciortaí tuí a dhéanamh is ceart go mbeadh an tuí bainte leis na seanuirlisí feirme, ní na cinn chomhaimseartha, agus le blianta beaga anuas, is dúshlán é seo do ghrúpaí dreoilíní agus cleamairí. Idir giúrléidí nua-aimseartha a bheith in úsáid agus uainíocht na mbarr leis níl sé simplí na laethanta seo. Bímid i gcónaí ag faire amach d’fheirmeoir atá toilteanach an tslí thraidisiúnta a úsáid. Má tá éinne agaibh á léamh seo tar i dteagmháil agus beimid chugaibh le ceol, comhluadar agus ádh, gan dabht!


Aoife Granville ina léachtóir le Béaloideas i gColáiste na hOllscoile Corcaigh.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.