
Grianghraf: Leabharlann Náisiúnta na hAfraice Theas
Tharla Mórshiúl na mBan 1956 de bharr fhearg ban san Afraic Theas tráth a raibh rialtas cinedheighilteach na tíre ag brú chóras na bpasanna isteach. Is éard a bhí sna pasanna ná doiciméad ciníoch a rinne taifead ar chúrsaí fostaíochta, cánach, tithíochta etc, agus a thug “cead” do dhaoine dubha a bheith i gceantar ar leith uirbeach. Go bunúsach, d’úsáidtí na pasanna chun smacht a choinneáil ar na pobail dhubha.
Cosúil leis na réaltaí buí a brúdh ar Ghiúdaigh i ngeiteonna Vársá, ba ghléas ciníoch córas na bpasanna san Afraic Theas. Ba bhealach iad chun amhras a chaitheamh ar phobal iomlán agus iad a choimeád faoi smacht. Sa Pholainn sna 1940í chuir na faisistithe an córas i dtreo an Uileloiscthe, ach ba é aidhm chóras na bpasanna san Afraic Theas ná an leithlisiú agus bainistiú a dhéanamh ar oibrithe dubha.
Faoi lár 1956 bhí Cónaidhm na Mhná na hAfraice Theas (CMAT) tar éis pleananna a chur sa tsiúl d’agóid ollmhór in Pretoria. Scríobh na mná go dtí an príomhaire J.G. Strijdom ag impí air éisteacht lena gcás, ach dhiúltaigh sé.
Sheol Comhdháil Náisiúnta na hAfraice (CNA) Helen Joseph agus Bertha Mashaba ar thuras náisiúnta eagraíochtúil. Bhí Robert Resh ón CNA agus Norman Levy ó Chomhdháil na nDaonlathaithe ina theannta leo. Chuaigh an bhuíon i dteagmháil le cinnirí áitiúla agus rinne siad comhordú ar ionadaithe don mhórshiúl i mí Lúnasa.
Ní rabhthas ag súil leis an tinreamh ar an agóid. Thaistil mná ó gach cearn den Afraic Theas, ó bhailte ar nós Cape Town agus Port Elizabeth. Bhailigh siad ag Union Buildings tar éis mórshiúl diongbháilte.
Meastar go raibh thart ar 10,000 go 20,000 páirteach san agóid agus mhaígh CMAT gurb é an agóid ba mhó a eagraíodh sa tír go dtí sin. Bhí an t-amfaitéatar i bhfoirgneamh Herbert Baker lán le mná in éadach traidisiúnta Afracach, dathanna na Comhdhála, agus sáirithe bána. Bhí leanaí á n-iompar ar a ndroim ag go leor de na mná, agus ghlac go leor oibrithe tí páistí a bhfostóirí leo.
Ní raibh Strijdom ná a fhoireann shinsearach sásta teacht i láthair. Mar a tharla cheana, d’fhág na mná cairn mhóra d’achainíocha ag a dhoras, a caitheadh amach gan léamh. Mhol Lilian Ngoyi go seasfadh an slua faoi thost iomlán ar feadh leathuaire, léiriú láidir den dúshlán comhchoiteann a bhí á thabhairt. Sular fhág na mná chan siad Nkosi Sikelel’ iAfrika, “Beannacht Dé ar an Afraic”, ceann de mhóramhráin fhrith-choilíneacha agus fhrith-chinedheighilteacha na hAfraice san fhichiú haois.
Léirigh Mórshiúl na mBan arís eile nach raibh mná sásta seasamh ar an taobhlíne i dtaobh na polaitíochta. Léiríodh chomh maith fás eagraíochtúil CMAT, nach raibh ach cúpla bliain ar an bhfód. D’fhógair Comhghuaillíocht na Comhdhála go mbeadh an 9 Lúnasa mar Lá na mBan as sin amach, agus is saoire náisiúnta atá ann anois san Afraic Theas ó baineadh córas daonlathach amach.
Tógadh Mórshiúl na mBan 1956 ar thraidisiún fada freasúra ban i gcoinne na bpasanna. In 1913 chuir an Saorstát Oráisteach riail i bhfeidhm go gcaithfeadh mná Afracacha sna bailte ceadanna míosúla a cheannach. Ach seoladh achainíocha agus toscaireachtaí agus bhris agóidí amach agus cuireadh na céadta i bpríosún. Leanadh leis an easumhlaíocht shibhialta ar feadh na mblianta go dtí gur cuireadh deireadh leis an riail. Ní dhearnadh iarracht a leithéid de riail a chur i bhfeidhm arís go dtí na 1950í nuair a achtaíodh dlíthe in 1952 agus tosaíodh ar iad a chur i bhfeidhm idir 1954-56.
Sainaithníodh Western Cape mar “láthair thosaíochta do dhaoine de dhath”, agus ba ann a cuireadh na rialacha nua seo i bhfeidhm ar dtús i lár na 1950í. Murar tháinig mná Afracacha faoi scáth na reachtaíochta cuí, is é sin Roinn 10(1)(a), (b), nó (c), bhí bagairt ann go gcuirfí as an gceantar iad.
Fiú i measc na mban a raibh ceart dlithiúil acu, tugadh ceadanna dóibh “dá sábháilteacht féin”, agus bhí baol ann go ngabhfaí mná nach bhféadfadh a stádas a léiriú. Bhí sé mar aidhm ag an gcóras Afracaigh a chur ó dhoras, teaghlaigh a bhriseadh suas, agus smacht níos láidre a choinneáil ar an lucht oibre.
D’fhorbair frithbheartaíocht i gcoinne an chórais go sciobtha. Ar an 4 Eanáir 1953 bhailigh na céadta i mbailecheantar Langa chun cur i gcoinne na rialacha a bhí le teacht i bhfeidhm. Labhair Dora Tamana ón gCNA agus CMAT agus d’áitigh sí nach n-iompródh mná na pasanna óir bheadh impleachtaí móra i dtaobh na dífhostaíochta de agus go mbrisfí teaghlaigh agus go gcuirfí mná i ngéibheann de bharr sáruithe teicniúla.
Spreag a hóráid na hollslógaí a chonacthas ina dhiaidh sin agus a shroich ceann scríbe le Mórshiúl na mBan 1956. Ba chuid lárnach de chur i gcoinne na cinedheighilte ar bhonn níos leithne an frithbheartaíocht bhaineann seo i gcoinne córas na bpasanna.
Is staraí gairmiúil é Kerron Ó Luain a bhain a chéim dhochtúireachta amach ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.