Tuarascáil dul chun cinn curtha faoi bhráid an Rialtais ar Uachtaránacht an Aontais Eorpaigh

Fuair an Rialtas tuarascáil dul chun cinn Dé Céadaoin ar obair Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, agus tugadh le fios go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta le linn na chéad mhí den téarma sé mhí. Tá clár oibre na hUachtaránachta dírithe ar thrí phríomhthosaíocht – iomaíochas, luachanna agus slándáil – agus deir an Rialtas go bhfuil bunsraith láidir leagtha síos do na míonna amach romhainn.

Chuir an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Helen McEntee, an Rialtas ar an eolas faoi na príomhéachtaí go dtí seo. Ina measc bhí comhaontú ar an 21ú pacáiste smachtbhannaí i gcoinne na Rúise, cead do Ríocht Aontaithe na Breataine páirt a ghlacadh i gcreat iasachtaí an Aontais chun tacú leis an Úcráin, agus síneadh ar stádas cosanta sealadaí do dhaoine atá ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin go dtí Márta 2028.

Bhí dul chun cinn déanta freisin maidir le bearta chun mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a chomhrac, rialacháin nua AGILE maidir le nuálaíocht chosanta, cainteanna maidir le méadú an Aontais le tíortha amhail an Albáin, Montainéagró, an Úcráin agus an Mholdóiv, chomh maith le comhaontú trádála eatramhach idir an tAontas Eorpach agus Meicsiceo.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.