Na céadta bliain ó shin, thug manaigh chliste sa nGearmáin faoi thionscnamh le theacht aniar ar dhéine an charghais. Bhí an Carghas fada, fuar, agus gan deoir feola le fáil, bhí teacht an Earraigh níos duairce b’fhéidir ná ba cheart dó a bheith do na manaigh bhochta.
Go deimhin smaoinigh siad ar phlean; ghearr siad suas muiceoil, mheasc siad le luibheanna í, agus phacáil siad i bpócaí tiubha taois é gan stró, agus b’in iad na Maultaschen.
Bhí sé gan locht mar ó Dhia – agus Dia thuas sna Flaithis – an fheoil i bhfolach faoin taos, mar sin ní raibh deis ag Dia Uilechumhachtach í a fheiceáil ar chor ar bith a mheasadar. Cheap siad gur bhuail siad bob ar an gCruthaitheoir féin le go bhfaighidís blas den trófaí… an fheoil! Go deimhin, Herrgottsbscheißerle (dála mullógaí an Tiarna Dia) a tugadh orthu ó shin.