Le linn na conspóide faoin gcomhlacht Aughinish Alumina, scaglann alúmanaim lonnaithe i bhFaing i gContae Luimnigh, ar cuireadh ina leith go raibh siad ag soláthar táirgí alúmanaim chuig earnáil mhíleata na Rúise, d’eascair feachtas ón mbunaíocht pholaitiúil agus ó na meáin sna Sé Chontae Fichead, chomh maith leis an Aontas Eorpach chun an scaglann agus an mhonarcha seo a dhúnadh. D’éiligh Uachtarán na hÚcráine Vladimir Zelensky go mba cheart an scaglann seo a dhúnadh nuair a chuir Éire tús lena seal uachtaránachta ar an Aontas Eorpach ag tús mhí Iúil agus é ar cuairt stáit anseo ag an am. Tháinig an t-éileamh seo sna sála ar éileamh ó Uachtarán an Aontais Eorpaigh Ursula von der Leyen agus ar vóta ó Pharlaimint na hEorpa ag éileamh go ndúnfaí an scaglann úd.
Tá 475 duine fostaithe ann go díreach ar bhonn lánaimseartha agus breis is 400 conraitheoir tógála ar an suíomh úd fostaithe ann chomh maith. Tá míle duine eile sa bhreis air sin fostaithe go hindíreach ag an scaglann seo sa cheantar máguaird i bhFaing. Is bunús an gheilleagair áitiúil é an comhlacht Aughinish Alumina agus is í seo an scaglann alúmanaim is mó san Eoraip agus í faoi úinéireacht ag máthairchomhlacht Rúiseach darb ainm Rusal. Is é an nasc seo le geilleagar na Rúise is údar leis an gconspóid seo.