Tá Jack O’Connor ar tí caibidil eile a chur lena oidhreacht mar bhainisteoir Chiarraí agus é ag ullmhú dá naoú cluiche ceannais sinsir na hÉireann. Beidh Maigh Eo ina gcéilí comhraic i bPáirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh, dhá bhliain is fiche tar éis don bhainisteoir céanna an chéad chraobh dá chuid a bhuachan in aghaidh na foirne céanna sa bhliain 2004.
Tá athrú mór tagtha ar pheil na hÉireann agus ar ról an bhainisteora idir an dá linn, ach dar le O’Connor, is é an cumas dul in oiriúint don athrú atá ar cheann de na cúiseanna a bhfuil sé fós ar bharr a réime ag aois 65.
“Tá sé cosúil le hoíche agus lá,” a dúirt sé agus é ag déanamh comparáide idir a chéad tréimhse mar bhainisteoir agus an lá atá inniu ann. “An tráth sin bhí mise ag déanamh formhór na cóitseála agus bhí Pat Flanagan i mbun na traenála. Bhí beirt roghnóirí agam agus sin é den chuid is mó. Anois tá dhá fhoireann agam – ceann ar an bpáirc agus ceann taobh amuigh di. Táim níos cosúla le stiúrthóir anois ná mar a bhí mé nuair a bhí mé i bhfad níos gníomhaí.”