
Grianghraf: Dan Sheridan / INPHO
Tá Andy Moran ag admháil gur post í bainisteoireacht Mhaigh Eo a chuireann gach gné dá shaol faoi bhrú, ach deir sé nach n-athródh sé é agus é ag ullmhú do chluiche ceannais peile sinsir na hÉireann i gcoinne Chiarraí an deireadh seachtaine seo.
Tar éis bliain lán de thuas seal thíos seal ina chéad séasúr mar bhainisteoir, tá Maigh Eo tar éis teacht slán ó fheachtas corraitheach chun áit a bhaint amach sa chluiche is mó sa pheil. Bhí buaicphointí agus tréimhsí deacra ann, go háirithe i ndiaidh an chloí deich bpointe in aghaidh Ros Comáin i gCraobh Chonnacht.
D’admhaigh Moran gur bhraith sé uaidh tacaíocht a dhlúthchara, an bainisteoir iomráiteach John O’Mahony, le linn na tréimhse sin, agus gur chabhraigh iarbhainisteoir eile Mhaigh Eo, James Horan, leis trí chomhairle agus spreagadh a thabhairt dó.
Mar sin féin, tháinig comharthaí dóchais freisin. Tar éis chluiche Mhaigh Eo in aghaidh Thír Eoghain sa chraobh, dúirt Moran gur chuir iarimreoir mór le rá de chuid Thír Eoghain stop leis agus gur mhol sé caighdeán an chluiche, ag rá nach gcuirfeadh sé iontas air dá mbeadh ceann de na foirne sin sa chluiche ceannais. Ag an am, níor chreid Moran go hiomlán é, ach tá an tuar tagtha faoin tairngreacht anois.
Dúirt Moran gur post í bainisteoireacht idirchontae nach bhfágann mórán ama don saol pearsanta.
“Is post é seo atá ar siúl 24 uair sa lá, seacht lá na seachtaine. Nuair a ghlaonn na himreoirí ort, caithfidh tú freagra a thabhairt. Ní féidir leat fanacht.”
Thug sé le fios freisin go bhfuil a iníon Charlotte ag iarraidh dul chuig Toy Story 5 le sé seachtaine anuas, ach nach raibh sé in ann an t-am a fháil.
Ag breathnú chun cinn ar an gcluiche ceannais, admhaíonn Moran gur sampla iad Ciarraí de chontae a chothaíonn agus a spreagann imreoirí ionsaitheacha. Dar leis, bíonn meas ar leith i gCiarraí ar na himreoirí a chruthaíonn deiseanna agus a scórálann, agus creideann sé gur gá do Mhaigh Eo an cur chuige céanna a ghlacadh chun níos mó tallainne ionsaithe a fhorbairt.
Is é sin an fáth a bhfuil sé i gcoinne srianta ar nós na rialach “preab amháin, cos go lámh amháin”, mar go measann sé go gcuireann rialacha den chineál sin srian ar chruthaitheacht agus ar shaoirse na n-imreoirí.
Tá Moran den tuairim go bhfuil athrú meoin ag teacht de réir a chéile i Maigh Eo. Luaigh sé teacht chun cinn Darragh Beirne agus Kobe McDonald mar shamplaí d’imreoirí óga ar tugadh saoirse dóibh a gcluiche nádúrtha a imirt.
Bhain McDonald, atá díreach 18 mbliana d’aois, geit as lucht leanúna na peile i mbliana agus é ag scóráil 1-25 ón imirt oscailte, fiú agus é ag tabhairt faoin Ardteistiméireacht. Tá sé le bogadh chuig club AFL St Kilda san Astráil i ndiaidh an chluiche ceannais, ach dúirt Moran go bhfuil sé sásta gur roghnaigh an t-imreoir an geansaí glas agus dearg a chaitheamh i mbliana.
“Ní déarfainn le fear óg gan dul i mbun gairm bheatha mar lúthchleasaí gairmiúil. Is é sin a rogha féin. Ar ndóigh cuirfimid an rogha eile os a chomhair freisin.”
Dúirt sé go bhfuil caidreamh den scoth aige le hathair Kobe, Ciarán McDonald, agus go raibh na comhráite eatarthu oscailte agus macánta i gcónaí.
Cé go bhfuil dóchas fós ann go bhféadfadh McDonald filleadh ar Mhaigh Eo amach anseo, díreach mar a rinne Ciarán Kilkenny tar éis tréimhse ghairid san AFL, deir Moran nach féidir todhchaí aon imreora a thuar.
“Níor oibrigh an AFL amach do Chiarán Kilkenny. Mar sin, cá bhfios? Ní scríobhfaidh mise scéal Kobe. Fanfaimid agus feicfimid.”
Idir an dá linn, tá Maigh Eo dírithe go hiomlán ar an dúshlán is mó atá rompu. Cé gurb iad Ciarraí na seaimpíní agus na hiomaitheoirí is mó, creideann Moran go bhfuil a fhoireann tar éis dul chun cinn suntasach a dhéanamh agus go mbeidh siad réidh chun gach iarracht a dhéanamh Corn Mhig Uidhir a thabhairt ar ais go Maigh Eo.