Imní léirithe maidir le ráta diúltaithe do víosaí staidéir mhic léinn Gaza

Tá imní léirithe maidir leis an ráta diúltaithe do víosaí do mhic léinn ag teacht ó Gaza a bhfuil scoláireachtaí acu chun tús a chur le cúrsaí ag ollscoileanna in Éirinn.

De réir tuairisc ó RTÉ ar na mallaibh tuigtear gur dhiúltaigh údaráis inimirce do bhreis agus 20 víosa, agus go bhfuil cuid eile ag fanacht leis na torthaí.

De réir foinsí sna hollscoileanna tá an-difear idir an ráta diúltaithe i mbliana i gcomparáid leis an bhliain seo caite, nuair a tugadh breis agus 80 víosa do mhic léinn ó Gaza. 

Dhiúltaigh an Roinn Dlí agus Cirt briseadh síos a thabhairt maidir leis na hiarratais a tháinig ó Gaza.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.