Má tá imeacht Gaeilge á eagrú agat, cuir sonraí an imeachta isteach in An Páipéar saor in aisce. Seol na sonraí chuig imeachtai@anpaipear.ie


Dé hAoine an 10 Iúil

20 bliain ag éisteacht leis an phobal agus ag gníomhú ar a shon ag Ionad Naomh Pádraig
12:30 pm ar aghaidh
Ionad Naomh Pádraig, Dobhar F92 EH6N
12:30 go 1 pm Oscailt oifigiúil na páirce súgartha – Eoin Ó Fearraigh, Ceoltóir
1 go 2 pm Sólaistí ar fáil
2 go 2.30 pm Scéal Ionad Naomh Pádraig le 20 bliain anuas le Donnchadh Ó Baoill, Údarás na Gaeltachta
2.30 go 3 pm Cuisle seanchais – Comhrá le Timmy Ó Baoill
7 go 7.30 pm Maireann an nóta ceoil a canadh, ach ní mhaireann an té a chan – Ceiliúradh ar Shaol agus Shaothar Ceoil Chití agus Annie Eoghain Éamoinn
agus Síle Mhicile lan Lee
7.30 go 7.45 pm Ainmniú agus insealbhú Uachtarán Ionad Naomh Pádraig
7:45 go 8 pm Seoladh Gradaim Solais Mháire Ní Bhraonáin
8:00 pm ALTÁN – Ceolchoirm le Aíonna Speisialta, An Crann Óg agus Banna Ceoil Dhobhair

Ciorcal Gaeilge
1 pm (Gach Aoine)
Connolly Books
43 Sráid Essex, Baile Átha Cliath
Arna eagrú ag Connolly Books

Cóisir do sheoladh oifigiúil an dráma raidió:
Deireadh Fómhair 1920
Le Brian Ó Tiomáin
6.30 pm
Áras Inse Chór, D08 V003
Beidh an clár á chraoladh ar Raidió na Life ag 7 pm agus ina dhiaidh, beidh seans é a phlé le Brian é féin!
Arna eagrú ag Conradh na Gaeilge Inse Chór i gcomhar leis Na Cleasaithe

Seoladh Leabhair
Deartháir Beag le Minán
Cuntas ar shaol Ibrahima Balde, scríofa ó ghlór a chinn agus i lámh Amets Arzallus, file agus scríbhneoir Bascach, agus aistrithe go Gaeilge ag Séamus Mac Conmidhe.
7 pm
An Coire, 132 Bóthar Thír Chiana, BT46 5NH
Beidh Amets agus Séamus i láthair
Oíche airneáil Bhascach Ghaelach le Pinxtos, Ceol, Craic agus Cuideachta

Pop Up Gaeltacht
8.30 pm
Betty’s, Sráid na Trá, Trá Lí
Arna eagrú ag Conradh na Gaeilge, Craobh Thrá Lí

Dé Sathairn an 11 Iúil

VHI Parkrun i gcomhpháirt leis an Oireachtas
9.30 am
Teacht le chéile ag Crannlann JF Kennedy, Ros Mhic Thriúin, Co. Loch Garman
Imeacht saor in aisce, 5K siúl nó rith. Feiliúnach do gach aoisghrúpa.
Ní mór do dhaoine fásta a bheith in éineacht le páistí faoi 11.
Claraigh le https://www.parkrun.ie/newross

Bualadh Bos
Céadfaí an linbh a spreagadh do thuismitheoirí a bhfuil páistí 1-2 bhliain d’aois acu
Ceardlann 4 seachtaine
Ionad Tacaíochta Teaghlaigh, Indreabhán
11 am
Cláraigh: snicheide@tuismitheoiri.ie
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta

Grúpa Spraoi
Grúpa spraoi i nGaeilge do theaghlaigh a bhfuil páistí réamhscoile acu (0-2 bl)
11 am go Meán Lae
Teach na Gaeilge, Maigh Cuilinn
Cláraigh le deirdre@tuismitheoiri.ie
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta

Scéalaíocht, Rannta & Dathúchán
Aois 0-4
11 go 11.45 am
Leabharlann Chrois Theach an Fhaire, V94 NH51
Cláraigh ag: www.comhluadarluimingh.ie
Eolas: Ava ag 089-4106637
Arna eagrú ag Comhluadar Luimnigh i gcomhpháirt le Teanga Tí

Picnic na dTeidithe
11 am
Ionad Cúram Leanaí na Dromoda
Amhráin agus rannta, scéalta, bia agus deoch.
Tabhair leat do theidí
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta

Ag Bácáil agus ag maisiú Cupcakes!
Imeacht do theaghlaigh
Meán Lae go 1 pm
Gaelscoil Adhamhnáin, Leitir Ceanainn
Clárú: https://lionralc.ie/product/seisiun-bacala-11-7-26/
Arna eagrú ag Líonra Leitir Ceanainn

Seisiún Scéalaíochta
Do theaghlaigh a bhfuil páistí 2-5 bl d’aois acu
12.30 pm
Leabharlann Inis Mór
Eolas/Clárú: erin@tuismitheoiri.ie nó 085-2198929
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta

Sraith an tSamhraidh 2026
Fionn Mac Giolla Chuda & Ciarán Ó Gealbháin
8 pm
Seisiún i dTigh an Cheoil, An Rinn, Port Láirge
Arna eagrú ag Comhlucht Forbartha na nDéise

Dé Domhnaigh an 12 Iúil

Cluichí Boird
Imeacht do theaghlaigh
11 am go 12.30 pm
Margadh an Bhainne, Luimneach
Cláraigh ag https://www.comhluadarluimnigh.ie
Eolas ó Ava: 089-4106837 nó eolas@comhluadarluimnigh.ie

Siamsán na nÓg
Déan do ulchabhán fhéin
1 pm
Comharchumann Ráth Chairn
Eolas/Clárú: padraig@tuismitheoiri.ie nó 085-2198746
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta

Dé Luain an 13 Iúil

Club Lego le Mags
Do thuismitheoirí agus páistí bunscoile
11 am go Meán Lae
CLG Acla, Poll Raithní
Eolas/Clárú: Siobhán – 085-8339491
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta

Daonáireamh 1926 á fhiosrú: An Ghaeilge agus Stair na Gaeltachta
11 am go 12.30 pm
Leabharlann Nás na Ríogh, Cill Dara
Staitistící agus scéalta na Gaeilge. Taispeántas – conas suíomh an daonáirimh a úsáid. Deis do scéalta agus torthaí féin a phlé.
Eolas: kate@cilldaralegaeilge.ie
Arna eagrú ag Cill Dara le Gaeilge

Dé Céadaoin an 15 Iúil

Siúlóidí an tSamhraidh
(Srath siúlóidí i rith Iúil/Lúnasa)
10 am
Cuan Nás na Ríogh
Tae/caife ina dhiaidh in Facchino’s
Fáilte roimh gach leibhéal Gaeilge
Arna eagrú ag Teaghlaigh Chill Dara/Cill Dara le Gaeilge

Dé hAoine an 17 Iúil

Tráth na gCeist
7.30 pm
The Woodville, An Lorgain, Ard Mhacha
Duaiseanna ar fáil! Aois 18+
Arna eagrú ag Conradh na Gaeilge, Craobh na Lorgan

Dé Sathairn an 18 Iúil

Cruinniú Oscailte
Le bunú craoibhe áitiúla de Chonradh na Gaeilge a phlé
(Fear Manach Thuaidh agus Paiteagó)
11 am
CLG Naomh Iósad, Eadarnaidh
Fáilte roimh chách
Babaí ar an Bhealach
Ceardlann eolais réamhbhreithe le Aoife Ní Fhearraigh
12.30 pm
Óstán Loch Altan, Gort a’ Choirce
Eolas/Clárú: oisin@tuismitheoiri.ie nó 085-2198927
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta

Cluiche Cuimhneacháin Mark Uí Dhubhchóin
2 pm
Oileán Thoraí
Arna eagrú ag Pleanáil Teanga Chloich Cheann Fhaola

Picnic sa Pháirc
Ceiliúradh na nGael i dTuaisceart Ard Mhacha
1 go 3 pm
Páirc an Phobail, Port an Dúnáin
Tabhair leat do chlann agus bia.
Arna eagrú ag Conradh na Gaeilge Port an Dúnáin

Seoladh Leabhair
Tom a’ Bhungaló
Tomás Mac Giolla Bhríghde
1923-2013
Le Noel Ó Gallchóir
8 pm
Amharclann Ghaoth Dobhair
Fáilte roimh chách

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.