Tá Stát Iosrael i mbun iarrachtaí muintir Gaza a stiúradh agus a chruinniú i limistéir éagsúla scartha agus iad le bheith smachtaithe ag fórsaí míleata Iosrael. Is aidhm d’aon ghnó ag na hIosraelaigh na limistéir a róphlódú gan bonneagar cuí nó slán nó sábháilte, coinníollacha a bheadh níos baolaí agus níos marfaí ná na droch-choinníollacha tubaisteacha atá ann cheana féin in Gaza. Tá fios ag an Saol Mór le fada na coinníollacha tubaisteacha daonnachta a mhaireann ann.
In ainneoin sos comhraic in ainm is a bheith i bhfeidhm in Gaza ó d’fhógair Stát Iosrael agus Hamas é ar 10 Deireadh Fómhair seo caite, lean fórsaí míleata Iosrael ar aghaidh le hionsaithe ar shibhialtaigh den chuid is mó. Lean an marú ar aghaidh do mhuintir Gaza, cé go raibh ráta taisme laghdaithe píosa beag le linn an tsosa comhraic mar dhea. Ní raibh stad fiú leis an gcogaíocht in ainneoin na géarchéime daonnachta atá ann ó thosaigh ionsaí Iosrael i nDeireadh Fómhair 2023.