Bíonn an nuacht dírithe go formhór ar dhrochscéalta ach ba mhaith liomsa plé a dhéanamh faoi na dea-scéalta atá ann faoi láthair. Chonaic mé go bhfuil teicneolaíocht cruthaithe chun stop a chur le leá na n-oighearchaidhpeanna. Is iontach gur féidir é sin a dhéanamh anois, go háirithe ós rud é go bhfuil formhór an fhuinnimh atá á úsáid sa domhan ina fhuinneamh in-athnuaite. Cé nár chóir ár scíth a ligean, táimid ag dul sa treo ceart chun athrú aeráide agus astaíochtaí carbóin a laghdú.
Ó thaobh cúrsaí leighis de, faightear modh géiniteach mar chóireáil leighis anois sa tSeapáin chun siomptóim ghalar Parkinson a laghdú, agus tabharfaidh sé sin faoiseamh do na milliúin. D’éirigh le heolaithe in Ollscoil Maastricht aip a chruthú atá in ann athruithe gutha a thomhas a thabharfaidh foláireamh 3 lá chun tosaigh má tá taom asma le tarlú. Tá eolaithe tar éis gaschealla a aimsiú a chabhróidh le daoine dalla a bheith in ann feiceáil arís.
D’éirigh le seandálaithe scrolla a fuair siad agus a dódh in Herculaneum a dhíchódú le cuidiú na hintleachta saorga.