
Ag an am seo den bhliain is íocshláinte agus rud aoibhinn é a bheith amuigh faoin tuath. Le déanaí thug me cuairt ar fheirm mo theaghlaigh cúpla míle taobh amuigh de shráidbhaile an Mhóta, contae na hIarmhí. Cuireann an áit tocht orm mar níl mo thuismitheoirí fós ann. Tá siad ar shlí na fírinne leis na blianta. Ach bhí áthas orm nuair a thug mo dheartháir, Breandán, cuireadh dom dul ag siúl mórthimpeall na feirme. Tráthnóna álainn a bhí ann. Bhí boladh deas ag teacht ón bpáirc féir a bhí réidh le baint le haghaidh sadhlais. Chuala mé an crotach ag glaoch ón riasc.
Ar an tsiúlóid thug mé faoi deara go raibh na ba ag ól uisce as pota an–mhór. Pota iarainn mór cruinn trí chosach a bhí ann. Cúpla glúin ó shin d’úsáideadh daoine potaí cosúil leis chun cócaireacht a dhéanamh ar an tine oscailte, ach iad níos lú ná an pota mór seo. Dúirt Breandán go raibh an pota seo ar an bhfeirm le blianta fada. B’fhéidir ó aimsir an Ghorta Mhóir, céad ochtó bliain ó shin. Is meabhrúcháin iad na potaí seo ar an tréimhse is brónaí i stair na hÉireann. Bhí tionchar tubaisteach ag an nGorta Mór (1845-1852) ar mhuintir an Mhóta agus ar iardheiceart Chontae na hIarmhí, áit ar thit an daonra go mór mar gheall ar an ocras agus ar ghalair. Nuair a thosaigh na prátaí ag lobhadh, fágadh formhór na dtionóntaí bochta agus na spailpíní sa Mhóta gan aon bhia.
Bhí na Caecair, Cumann na gCarad, sa cheantar ann chun cabhair a thabhairt do na daoine a bhí ag fáil bháis leis an ocras. Bhunaigh fear darbh ainm George Fox an ghluaiseacht le linn Chogadh Cathartha Shasana mar fhreagra radacach in aghaidh ordlathas agus dheasghnátha dochta Eaglais Shasana. Chreid siad go bhfuil ‘cuid de Dhia i ngach duine’ in ionad cliarscoil fhoirmiuil a leanúint. Bhí teaghlaigh de chuid na gCaecar i gceantar an Mhóta ón seachtú haois déag. Chleacht na Caecair comhionannas iomlán, spioradálta agus praiticiúil. Bhí na róil agus na poist cheannaireachta chéanna ag fir agus ag mná san eaglais. Bhunaigh siad an Móta mar bhaile margaidh saibhir i bhfad roimh na 1840í. Teaghlaigh ar nós na Clibborns, Foxes, Robinsons, Pims agus Goodbodys. Bhí na Clibborns ar na príomhthiarnaí talún Caecaracha ar an Móta ó aimsir Chromail. Sheas siad isteach chun dáileadh áitiúil a bhainistiú. Bhain siad úsáid as a n-eastáit agus a gceangail ghnó chun dul timpeall ar riarachán mall na Breataine.
Scríobh Joseph Bewley, Caecar as Baile Átha Cliath, chuig Caecair ar fud na hÉireann ag cur in iúl dóibh cé chomh tromchúiseach a bhí an scéal. Chuir siad potaí iarainn troma ar fáil le haghaidh anraith a dhéanamh sular bhunaigh an rialtas a chistineacha anraith féin. Bhí suas le sé oiread níos mó feola in oideas anraith na gCaecar ná mar a bhí in anraith an rialtas. Dáileadh na potaí seo ar na teaghlaigh ba mhó meas agus muinín sa cheantar. D’fheadfadh a gcuid feirmeacha bia agus fíoruisce a sholáthar. Bhí teaghlach Holloway sásta cabhair a thabhairt do na daoine bochta.
Ní hiad na fir amháin a bhí gníomhach san fhóirithint. Bhí ról ríthabhachtach ag mná na gCaecar ar an Móta chomh maith. Bhunaigh mná áitiúla coistí chun éadaí a bhailiú, a dhéanamh agus a dháileadh ar na mná agus ar na leanaí ba mhó a bhí i ngátar. Spreag siad mná áitiúla chun dul i mbun sníomhacháin agus obair lása chun slí bheatha neamhspleách a thabhairt dóibh in ionad a bheith ag brath ar dhéirce an rialtais.
Má thugann tú cuairt ar an Móta inniu is féidir leat rian na gCaecar a fheiceáil fós sa tírdreach. Tá roinnt tithe stairiúla de chuid ceannaithe Caicéireach fós ina seasamh ar phriomshráid an Móta. Tá reilig na gCaecar lonnaithe taobh thiar den chaisleán ansin. Bhunaigh teaghlach Clibborn an reilig stairiúil seo i dtosach.
Inniu, seasann pota Ghorta Mhóir ar an tírdhreach mar shéadchomhartha Ciúin.
Is múinteoir meánscoile, ealaíontóir, scribhneoir agus staraí í Nuala Holloway a bhfuil BA, Ard-Dioplóma san Oideachas agus MA aici.