Mír ghramadaí 86: Céimeanna comparáide na haidiachta 1

Na haidiachtaí rialta

Má chríochnaíonn aidiacht le guta sa bhunchéim ní athraítear í de ghnáth sa bhreischéim ná sa tsárchéim:

BunchéimBreischéimSárchéim
cailín clistecailín níos clistean cailín is cliste

Athraíonn aidiachtaí a chríochnaíonn ar –(e)ach mar seo:

tábhachtachníos tábhachtaíis tábhachtaí
brónachníos brónaíis brónaí
leadránachníos leadránaíis leadránaí

Athraíonn aidiachtaí a chríochnaíonn ar -úil mar seo:

leisciúilníos leisciúlais leisciúla
cáiliúilníos cáiliúlais cáiliúla
flaithiúilníos flaithiúlais flaithiúla
misniúilníos misniúlais misniúla

Má chríochnaíonn aidiacht le consan leathan caolaítear an deireadh agus cuirtear –e léi:

deasníos deiseis deise
géarníos géireis géire
gealníos gileis gile
dubhníos duibheis duibhe
grámharníos grámhaireis grámhaire
ógníos óigeis óige
bochtníos boichteis boichte

Má tá an deireadh caol, cuirtear -e leis an aidiacht sna céimeanna comparáide

ciúinníos ciúineis ciúine
minicníos miniceis minice

Athscríobh na habairtí seo gan na lúibíní

  1. Tá Máire níos (óg) ná Peadar.
  2. Sin an scéal is (brónach) dár chuala mé le fada.
  3. Éirigí ón leaba, ní fhaca mé páistí níos (leisciúil) riamh!
  4. Tá an líomóid níos (géar) ná aon toradh eile.
  5. Ní hé an buachaill is (ciallmhar) sa rang, faraor.
  6. Mise Éire, (uaigneach) mé ná an Chailleach Bhéarra.
  7. Síleann sé gurb é an polaiteoir is (tábhachtach) sa tír é.
  8. Dar leis gurb í an Ghaeilge an teanga is (deas) ar dhroim an tsaoil.
  9. Tá na hailt in An Páipéar ag éirí níos (suimiúil) gach seachtain.
  10. Is minic na daoine is (bocht) na daoine is (flaithiúil).
  11. Ní hé an duine is (ciúin) sa rang, ach is é an duine is (cliste) é.
  12. Táimid réidh níos (luath) inniu ná mar is gnáth.
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.