Ainmfhocail a bhfuil leagan iolra ar leith acu i ndiaidh na mbunuimhreacha
Tá roinnt ainmfhocal ann a bhfuil leagan iolra ar leith acu tar éis na mbunuimhreacha 3-10 agus tar éis uimhreacha a chríochnaíonn ar 3-9. Taispeántar sa tábla seo mar a chaitear leo.
| 1 | 2 | 3 | 7-10 |
|---|---|---|---|
| is féidir “amháin” a chur ina dhiaidh | séimhiú más féidir | gan athrú seachas h roimh ghuta | urú más féidir |
| bliain (amháin) | bhliain | bliana | mbliana |
| seachtain | sheachtain | seachtaine | seachtaine |
| ceann (mura bhfuil páirt de chorp i gceist) | cheann | cinn | gcinn |
| cloigeann (mura bhfuil páirt de chorp i gceist) | chloigeann | cloigne | gcloigne |
| fiche | fhichead | fichid | bhfichid |
| pingin | phingin | pingine | bpingine |
| trian | dhá thrian (féach go ndeirtear “dhá dtrian” i gcanúintí áirithe) | treana | dtreana |
| troigh | dhroigh | troithe | dtroithe |
| uair (más “babhta” atá i gceist) | uair | huaire | n-uaire |
Ní chuirtear séimhiú ar déag tar éis iolra: trí bliana déag, seacht n-uaire déag.
Cuireann an uimhir deich urú ar iolra, ach uatha a leanann gach uimhir eile dar críoch náid, gan athrú tosaigh: fiche pingin, tríocha bliain, daichead troigh, céad uair.
Athscríobh na habairtí seo le focail in ionad na bhfigiúirí, agus cuir athruithe cuí i bhfeidhm ar na hainmfhocail más gá. Tá an chéad cheann déanta duit:
- Tá Pól 6 (troigh) ar airde – Tá Pól sé troithe ar airde_____________
- Níor chaitheamhar ach 1 (bliain) ann – ____________________________
- Tá 2 (trian) den alt críochnaithe agam, a Eagarthóir! – ____________________________
- Nach dúirt mé leat 3 (uair) an t-alt a chríochnú faoin spriocdháta! – ____________________
- Is cuimhin liom nuair a bhí 10 (pingin) ar mhála criospaí – ____________________________
- Níl ach 4 (seachtain) den téarma scoile fágtha – ____________________________
- Is ionann 4 (fiche) agus ochtó – ____________________________
- Cá mhéad páiste atá sa teach? 14 (cloigeann) – ____________________________
- D’ith mé 1 (briosca), ach d’fhág mé 2 (ceann) eile ar an bpláta – _______________________