Léamhthuiscint: Cruach Phádraig

Domhnall Mac Concharraige

Léamhthuiscint: Léigh an sliocht thíos agus freagair na ceisteanna a leanas.

Cruach Phádraig
Grianghraf: Tom Szustek/Wikipedia

San alt seo foghlaimeoimid faoi shliabh naofa suite in iarthar na tíre, i gContae Mhaigh Eo, Cruach Phádraig.

Tá an sliabh 762m in airde. Deirtear gur sliabh naofa a bhí ann sa ré réamh-Chríostaí fiú, ach le teacht na Críostaíochta tógadh séipéal ar an mullach. Deirtear gur chaith Naomh Pádraig 40 lá ag troscadh ar bharr an tsléibhe. Tá fianaise seandálaíochta ann go raibh séipéal ar an mullach chomh luath leis an gcúigiú haois. Tógadh an séipéal atá ann anois ag tús an fhichiú haois. Tá traidisiún ann go dtéann na mílte go barr an tsléibhe an Domhnach deireanach de mhí Iúil, Domhnach na Cruaiche. Dár leis an mbéaloideasóir Máire MacNeill is traidisún é seo a théann siar go dtí deabhóid don dia Gaelach Lú mar chuid den fhéile Lúnasa atá ainmnithe as.

Meastar gur dtéann 40,000 duine ar oilithreacht go Cruach Phádraig gach samhradh. Tá sé de nós ag roinnt acu an sliabh a dhreapadh gan bhróga mar ghníomh aithrí. Bíonn foireann tarrthála sléibhe Mhaigh Eo ar dualgas Domhnach na Cruaiche ar eagla timpiste. 

Tá muintir na háite an-chosantach maidir leis an sliabh. Aimsíodh ór faoin talamh ann sna 1980í, ach de bharr brú ó mhuintir na haite beartaíodh nach mbeadh aon mhianadóireacht ann mar gheall ar oidhreacht shaibhir an tsléibhe. Tá abhainn in aice leis an sliabh darb ainm an Abhainn Bhuí. Is léir gur thuig muintir na haite fadó go raibh ór le fáil sa cheantar.


Ceisteanna buntuisceana

  1. Cé chomh ard agus atá Cruach Phádraig?
  2. Cá bhfuil sé suite?
  3. Scríobh dhá phíosa eolais faoi luathstair Cruach Phádraig.
  4. Cé mhéad duine a théann ar oilithreacht ann gach bliain?
  5. Scríobh nós amháin a bhíonn ag oilithrigh.
  6. Céard a d’aimsíodh ann sna 1980dí?