Lios Póil ag ullmhú don Chomórtas Peile Na Gaeltachta 2027

Cóilín Duffy

Tá tús curtha cheana féin leis an obair ullmhúcháin do Chomórtas Peile na Gaeltachta 2027 i Lios Póil, agus de réir chathaoirleach an choiste eagraithe, Gabriel Ó Cathasaigh, beidh an pobal iomlán páirteach sa tionscadal mór a thabharfaidh na mílte cuairteoirí go Corca Dhuibhne an samhradh seo chugainn.

Ag labhairt dó le An Páipéar i ndiaidh chomórtas 2026 i gCill Charthaigh, dúirt Ó Cathasaigh gur fhág an deireadh seachtaine i nDún na nGall an-luí air agus gur thug sé léargas luachmhar don choiste i Lios Póil ar na dúshláin agus na deiseanna atá rompu.

“Bhí mé tógtha leis an eagrúchán agus leis an obair a rinneadh i gCill Charthaigh,” a dúirt sé. “Nuair a fheiceann tú an méid daoine a bhíonn ag obair taobh thiar de na cúrsaí, tuigeann tú gur iarracht phobail atá i gComórtas Peile na Gaeltachta.”

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.