Agus an crosfhocal seo á dhéanamh agat, bain úsáid as Focloir.ie, Teanglann.ie agus Tearma.ie. Cabhróidh siad leat na leideanna a fhuascailt.

Trasna
1. Comhréir, focail agus frásaí i dteanga na Sasanach á n-úsáid mar chuid den Ghaeilge (10)
6. Uaireanta bíonn seo de dhíth ar dhaoine a bhfuil dúshlán rompu (9)
9. Bíonn dea-obair atá déanta ar son daoine eile mar seo, i dtuairim daoine eile (8)
10. Áit in Éirinn ina bhfuil damba hidrileictreach mór lonnaithe (3,2,6)
12. Ionathar, nó is féidir é seo a dhéanamh ar rud (5)
13. Úsáideann paistí agus roinnt aosach é seo agus uisce mianra á ól acu (3)
15. An seanainm Gaelach ar Lá Fhéile Bríde (6)
16. Céadainm Uachtarán na Stát Aontaithe a thuill míchlú as Watergate (7)
19. Tá sé an-fhuar, tá sé ag ______ (4)
21. Bris, in iomlán (6)
22. Taitníonn sé liom, tá _______ agam ann (4)
23. Fear, ainmhí nó rud ollmhór (6)
25. Nuair a tharlaíonn 21 thíos, iarrann na Gardaí iad seo chun an coirpeach a aimsiú (9)
26. Timpiste (7)
28. Ceantair ina mbíonn daoine ag vótáil: Dáilcheantair, cuir i gcás (9)
30. Nuair a bhíonn tú ag méanfach is féidir a rá go bhfuil tú mar seo (9)
33. Ar aon nós: ar aon ______ (3)
35. Chomh folláin le ______ (5)
36. Tá teach nua _______ ag an ailtire dom (7)
37. Bunscéal fiáin agus scanraithe: scéal chailleach an ______ (6)
38. I do chraiceann (5)
39. Rud a lua, ______ a dhéanamh dó (7)
Síos
1. Deoch sláintiúil ón mbó (6)
2. Nuair atá sreanga measctha le chéile i gcnap mór is féidir a rá go bhfuil siad in ______ (9)
3. Uaireanta, mothaíonn tú é seo nuair atá tú faoi bhrú nó nuair atá eagla ort (8)
4. Troid (4)
5. Maoin (9)
6. Do lámh a leagann ar rud: ________ a dhéanamh leis (7)
7. Dhá shlisne d’arán agus liamhás agus cáis eatarthu (8)
8. Cleasach nó glic (9)
11.Na cnapáin a bhaint as dromchla ionas go bhfuil sé mín (11)
14. D’fhill sé ar Éirinn chun an Chríostaíocht a scaipeadh inti (7)
17. Ceannaire polaitiúil ar Aontú (7,6)
18. Bruscar (8)
20. Gníomh an choirpigh (4)
21. Bailchríoch deas (6)
23. Buachaill ón Iodáil atá déanta as adhmad (9)
24. Bíonn iad seo ar siúl lasmuigh den Dáil nuair nach mbíonn daoine sásta leis an rialtas (6)
27. Bíonn roinnt acu ag iarraidh maithiúnais, roinnt eile is cuma leo faoi (8)
29. Bíonn ar a lán seandaoine alt bréige a fháil nuair a bhíonn an t-alt seo caite leis an aois (6)
31. Ceannairí spioradálta an reiligiúin (5)
32. Duine nó aonán (5)
33. Tá sí cróga, tá sí gan _________ gan eagla (5)
34. Rud a úsáid nó bia a ithe go dtí nach bhfuil aon chuid de fágtha (5)
Freagraí ar Crosfhocal #82
TRASNA: 1. Tuirseach 6. Ceathrúna 9. Iolar 10. Hallgrimsson 11. Yuri Gagarin 13. Súgachas 16. Idir 18. Dorchadas 22. Sileadh 23. Tarraing 24. Each 25. Moch 27. Fámaire 28. Snas 30.Ainneoin 33. Clannad 36. Glasraí 37. Anás 39. Annamhacht 41. Téada 42. Líonann 43. Réab 44. Béadán
SÍOS: 1. Tairiscint 2. Iallóg 3. Spréach 4. Adhmhaidin 5. Holly 6. Cigirí 7. Tomhaltas 8. Rúscadh 12. Iontach 14. Ní Chaillidís 15. Rancás 17. Iordánach 19. Cleamhnas 20. Siamsa 21. Canann 26. Críonna 29. Fine Gael 31. Eoghain 32. Buartha 34. Leadhb 35. Bamba 38. Nead 40. Tor