Lucy de hÍde an Cailín Gaelach 2026

Cóilín Duffy

An liathróid á chaitheamh isteach ag Lucy do cluiche cheannas sinsir na bhear
Grianghraf: Cóilín Duffy

Bhí cúis mhór cheiliúrtha ag muintir Naomh Abán agus Ghaeltacht Mhúscraí ag Comórtas Peile na Gaeltachta i gCill Charthaigh an deireadh seachtaine seo nuair a roghnaíodh Lucy de hÍde mar Chailín Gaelach 2026, tar éis deireadh seachtaine gnóthach lán d’imeachtaí cultúrtha agus Gaeilge.

Cé gur chaill foireann pheile Naomh Abán a gcluiche ceannais sinsir i gcoinne Mhaigh Cuilinn, bhí sólás mór ag an gclub nuair a d’éirigh le Lucy an gradam mór le rá a thabhairt léi ar ais go Corcaigh. Agus í ag labhairt le An Páipéar i ndiaidh an bhronnta, dúirt sí gur onóir agus pribhléid mhór a bhí ann di.

Bhí Lucy páirteach i gcomórtais éagsúla le blianta beaga anuas agus tá cáil bainte amach aici mar dhuine atá paiseanta faoin nGaeilge agus faoin gcultúr Gaelach. D’inis sí gur cuireadh a hainm chun cinn trína ceantar féin i mBaile Bhuirne agus gur ghlac sí leis an deis páirt a ghlacadh sa chomórtas.

“Cuireadh m’ainm ar aghaidh trí choiste áitiúil i mBaile Bhuirne agus bhí mé an-sásta an deis a fháil,” a dúirt sí. “Bhí sé iontach bualadh le daoine nua agus páirt a ghlacadh sna himeachtaí éagsúla ar fad.”

Tá Lucy ag obair mar chócaire faoi láthair agus dúirt sí go mbaineann sí taitneamh as tabhairt faoi dhúshláin nua. Thug sí le fios freisin gur ghlac sí páirt i gcomórtais idirnáisiúnta chócaireachta san am atá caite, agus gur bhain sí dara háit amach i gcomórtas sa Fhrainc.

“Is maith liom na comórtais. Bíonn strus ag baint leo, ach cuireann siad brú ort tú féin a fheabhsú,” a mhínigh sí. “B’fhéidir go gceapfadh daoine nach bhfuil mé róchruthaitheach, ach is maith liom a bheith ag cruthú agus ag foghlaim rudaí nua.”

Ní hé seo an chéad uair a raibh Lucy gar don bhua sa chomórtas. D’admhaigh sí gur chríochnaigh sí sa dara háit roimhe seo agus gur thug sé sin spreagadh breise di filleadh arís.

“Ní maith liom an dara háit!” a dúirt sí le gáire. “Bhí mé ag iarraidh teacht ar ais agus iarracht eile a thabhairt dó. Bhí mé meáite ar an gcomórtas a bhuachan.”

Tá Lucy ina cuairteoir rialta ar Chomórtas Peile na Gaeltachta agus mhínigh sí go mbíonn sí ag freastal ar an bhféile go minic, go háirithe nuair a bhíonn foirne Naomh Abán páirteach ann. Dar léi, is iad cairdeas, Gaeilge agus spiorad an phobail na gnéithe is fearr den deireadh seachtaine.

Bhí sí lán de bhuíochas freisin do mhuintir Naomh Abán agus do na daoine ar fad a thug tacaíocht di ar feadh an deireadh seachtaine.

“Tá sé deacair nuair atá tú ag déanamh ionadaíochta ar do chlub féin, ach bhí gach duine thar a bheith cineálta agus tacúil liom. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leo ar fad,” a dúirt sí.

Leis an mbua seo, beidh Lucy de hÍde mar ambasadóir ar Chomórtas Peile na Gaeltachta agus ar an nGaeilge sna míonna amach romhainn. Is cinnte go mbeidh muintir Naomh Abán agus Mhúscraí an-bhródúil as an éacht atá bainte amach aici, agus í anois ar dhuine de na haghaidheanna is aitheanta i saol cultúrtha na Gaeltachta.