Comhdháil na nGiúdach Frith-Shíónach i mBaile Átha Cliath

MaryClaire Nic Uilliam

Beidh Comhdháil na nGiúdach Frith-Shíónach ar siúl i dTamhlacht, Báile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine, an 26 go dtí an 28 Meitheamh, agus deis a bheas inti do ghníomhaithe, acadóirí agus cainteoirí ó achan chúlra teacht le chéile agus plé a dhéanamh ar théamaí i gcomhthéacs na Palaistíne. Tá an comhdháil seo dírithe ar eagraíochtaí polaitiúla, sóisialta agus timpeallachta, gníomhaithe, mic léinn, na meáin agus daoine nach iad ach beidh sé oscailte do dhaoine ar bith a bhfuil suim acu sa Phalaistín, go háirithe an streachailt fá choinne cirt agus saoirse.

Bliain ó shin, bhuail níos mó ná míle duine le chéile i Vín, an Ostair, den chéad chomhdháil dá leithéid san Eoraip, agus chaith siad an deireadh seachtaine ag freastal ar chainteanna, ceardlanna agus pléphainéil. Labhair Sue Pentel, gníomhaí aitheanta ar son na Palaistíne i mBéal Feirste agus ball den choiste stiúrtha, le Raidió Fáilte ar na mallaibh faoin chomhdháil agus an sprioc atá acu.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.