Má tá imeacht Gaeilge á eagrú agat, cuir sonraí an imeachta isteach in An Páipéar saor in aisce. Seol na sonraí chuig imeachtai@anpaipear.ie


Féile Ealaíne agus Chultúrtha na Sean-Bheairice

An 26 agus an 27 Meitheamh
An tSean-Bheairic, Ionad Cuartaíochta an Fháil Charraigh

Dé hAoine an 26 Meitheamh

7.30 pm seoladh na féile le Brian Danny Minnie Ó Dónaill
8.00 pm ceolchoirm le Daniel Cullen agus Cairde

Dé Sathairn an 27 Meitheamh

11.00 am ceardlann amhránaíochta ar an tsean-nós do pháistí le Patricia Nic Ruairi
Mean lae Corn Éamoinn Ghráinne do pháistí
Mean lae Féile Ceoil, Bhia agus Cheardaíochta. Seisiún ceoil thraidisiúnta le Comhaltas, stainníní ceardaíochta, fíodóireacht ciseán agus tuilleadh ar an tsráid taobh amuigh den tSean-Bheairic
2 pm ceardlann damhsa ar an tsean-nós, céimeanna ríle agus poirt le Frank agus Eileen Sweeney.
2 pm ceol le Martin Duggan
8 pm Corn Cuimhneacháin Éamoinn Ghráinne, comórtas amhránaíochta ar an tsean-nós
9.30 pm céilí mór le Martin Duggan
Eolas ó 074-9180888 nó antseanbheairic@gmail.com


Dé hAoine an 26 Meitheamh

Grúpa spraoi do pháistí 0 go 2 bliain d’aois agus a dtuismitheoirí
10.30 go 11.30 am
Teach na Gaeilge, Maigh Cuilinn
Cláraigh le deirdre@tuismitheoiri.ie
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta

Seimineár an Tionóil Gaeltachta 2026
Saol na nOileán: Deiseanna & Dushláin
Mairéad Ní Fhatharta, Tánaiste Chonradh na Gaeilge, Cathaoirleach Chomhlacht Forbartha Inis Meáin; Cathy Ní Ghoill, Cathaoirleach ar CCPB & Bainisteoir Chomharchumann Forbartha Árainn; Máire Uí Mhaoláin, Priomhfheidhmeannach Chomhar na nOileán; Cathaoirleach Pádraig Ó Foghlú
8 pm
Halla Naomh Eoin, Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
Arna eagrú ag Conradh na Gaeilge

Dé Sathairn an 27 Meitheamh

Parkrith Iorrais
9.30 am
Teacht le chéile ag Lúb na Croise, an Chrois,an Geata Mór, Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo.
Imeacht saor in aisce, 5K siúl nó rith. Feiliúnach do gach aoisghrúpa.
Ní mór do dhaoine fásta a bheith in eineacht le páistí faoi 11.
Claraigh le https://www.parkrun.ie/erris

Siúlóid le Coiscéim
11 am
Slí na Bearú, Baile Átha Í
Teacht le chéile ag Square Coffee Bar
Eolas ó fia@cilldaralegaeilge.ie
Arna eagrú le Cill Dara le Gaeilge

Cluichí boird
Imeacht do theaghlaigh
12 go 1 pm
Leabharlann Leitir Ceanainn
Cláraigh ag https://lionralc.ie/product/seisiun-cluichi-boird-27-6-26
Arna eagrú ag Líonra Leitir Ceanainn

Cóisir shamhradh
Ceol beo ó 6 pm, ceol ón mbosca búm ina dhiaidh sin
Bia ó Kari timpeall 6.30 pm
Rí rá agus ruaille buaille beartaithe
Áras Inse Chór, D08 V003
Arna eagrú ag Craobh Inse Chór de Chonradh na Gaeilge
Dé Domhnaigh an 28 Meitheamh
Oíche amhránaíochta
8 pm
Tigh Pháraicín, Cois Fharraige

Dé Luain an 29 Meitheamh go dtí Dé Céadaoin an 1 Iúil

Féile Ghaeltacht Thír Eoghain 2026
Dianchúrsa trí lá, 10 am go 2:40 pm
Trí leibheal ar fáil, bunleibhéal, meánleibhéal agus ardleibhéal. £75 an duine.
Institiúid na Ceannaireachta Éireannaí, Cabhán an Chaorthainn
20 an Diamant, Cabhán an Chaorthainn, Co. Thír Eoghain BT70 2QX
Eolas ó Caitlín Ní Bhroin 028-87757800 nó 078-87605729

Dé Luain an 29 Meitheamh

Siúlóid bhithéagsúlachta do theaghlaigh a bhfuil gasúir bhunscoile
Meán lae
Ag tosú ag Comhar Chaomháin Teo, Inis Oírr
Cláraigh le sophia@tuismitheoiri.ie
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta

Gaeilge do thosaitheoirí
Caint, ceol agus craic.
7 pm
Rebel Reads, Unit 2, Marina Commercial Park, Centre Park Road, Corcaigh
Eolas ag 089-2188137
Arna eagrú ag Gael Taca i gcomhpháirt le Rebel Reads

Dé Máirt an 30 Meitheamh

Cupa & comhrá
11 am
Óstan Meadowlands, Trá Lí
Arna eagrú ag Conradh na Gaeilge, Trá Lí

Síneadh Fada Ióga le Sinéad Ní Ghuidhir
Gach leibhéal Gaeilge agus Ióga
5 pm Dé Máirt an 30 Meitheamh go dtí an 21 Iúil
Fóram Chois Farraige um Pleanáil Teanga
Inis Fáil, an Spidéal, H91X63V
€50 do ceithre rang nó €14 ar rang amháin
Tabhair leat do mhata ióga féin
Eolas agus spás a chur in áirithe, cuir téacs chuig 087-6799346

Siúlóid dúlra agus tóraíocht taisce
Do theaghlaigh le leanaí 5 go 10 mbliana d’aois.
Coill Dhoire Fhionnáin, Doire Fhíonáin, Ciarraí
6 pm
Cláraigh le marie@tuismitheoiri.ie nó 085-2198742
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta
Dé Céadaoin an 1 Iúil
Maidin chaife trí Ghaeilge
10.30 am
Halla pobail an Chalaidh
Comhrá do gach leibhéal.
Arna eagrú ag Brí Uíbh Ráthaigh

Suathaireacht naíonán
Feiliúnach do pháistí 6 seachtaine go 10 mí d’aois
11 am
Scoil Rónáin, Trá Bháin, Leitir Móir
Clarú le sophia@tuismitheoiri.ie
Táille €50, cúrsa 5 seachtaine
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta

Cóisir Bolgán
12 go 2 pm
Caifé Aon Scéal? Tamhlacht
Ceol agus damhsa sa ghairdín!
Arna eagrú ag Gaelphobal Thamhlachta

Corn Domhanda Peile Tábla
Do dhaoine óga 10 go 18 mbliana d’aois agus a dtuismitheoirí
6 pm
Loch Altan, Gort an Choirce
Clarú le oisin@tuismitheoiri.ie nó 085-2198927
Arna eagrú ag Tuismitheoiri na Gaeltachta

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.