Stair mhuintir Devonshire agus Lios Mór

An Dr Kerron Ó Luain

Caisleán Leasa Mhóir i bPort Láirge
Grianghraf: Raúl Corral

Léiríonn an méid atá ag tarlú i Lios Mór, Co. Phort Láirge, an méid atá le déanamh go fóill i dtaobh an tír a dhíchoilíniú. Reáchtáil an grúpa Poblachtánaigh na nDéise agóid le linn an deireadh seachtaine ar ar fhreastal baill de chuid Misneach. Tá feirmeoir amháin ar Chnoc Mhaoldhomhnaigh, mar shampla, a bhí ag íoc €520 in aghaidh an heicteáir, atá anois le €5,200 a íoc le duine de shliocht na cinsealachta, an Diúc Devonshire. 

Mhéadaigh an costas cíosa ó €5 go €15 in 2024. Ach anois tá an cíos nua chomh hard sin go n-athrófar socrú áitiúil a bhí ann ar feadh na mblianta ó bhonn. Ní bheidh fáil ar an talamh a thuilleadh agus is socrú é seo chun brabús ollmhór a ghiniúint do thiarna talún nach bhfuil cónaí air sa tír fiú. 

Tá smacht go fóill ag an Diúc Devonshire ar stráicí móra de thailte Phort Láirge, smacht a cuireadh i bhfeidhm le linn an choncais, dar ndóigh. Bhí mainistir ann sna meánaoiseanna, áit ar scríobh na manaigh faoi Mhac Cárthaigh Riabhach Leabhar Leasa Mhóir sa chúigiú haois déag. Le linn chogaí na 1640í fuarthas an lámhscríbhinn i mballaí Chaisleán Chill Bhriotáin. Thóg Richard Boyle, an chéad Iarla ar Chorcaigh, an lámhscríbhinn nuair a cheannaigh sé an caisleán ó Sir Walter Raleigh. Ba thailte iad seo ar a raibh tiarnaí Normannacha Gaelacha Dheasumhan, a scriosadh agus a gabhadh i ndiaidh fheachtas Eilís I sna 1580í.

Ghlac muintir Cavendish, dá ndearna Diúic Devonshire ar ball, seilbh ar an eastát in 1753 nuair a phós siad isteach i gclann Boyle. Mharaigh na Invincibles an Tiarna Frederick Cavendish, mac an tseachtú Diúc, i bPáirc an Fhionnuisce in 1882. Cé gur laghdaíodh go leor de shealúchas na dtiarnaí talún i ndiaidh Chogadh na Talún, d’éirigh le muintir Devonshire seilbh a choinneáil ar na tailte a bhí acu. Tá stair mhuintir Cavendishe fite fuaite leis an gcoilíneachas in Éirinn, an t-impiriúlachas agus sclábhaíocht. San fhichiú haois bhí an 10ú Diúc Devonshire ina Rúnaí Stáit ar na Coilíneachtaí faoi rialtas Winston Churchill.

Sa lá atá inniu ann déantar bainistíocht ar thailte mhuintir Devonshires in Éirinn trí chomhlacht darb ainm Lismore Holdings, atá cláraithe in Jersey. Tá 7,700 acra i gceist chomh maith le cearta iascaireachta ar Abhainn Mhór na Mumhan. Tá 70,000 acra ag an gclann ag Teach Chatsworth i Sasana áit a bhfuil bailiúchán ollmhór ealaíon agus lámhscríbhinní, cuid acu a goideadh ó Éirinn. Is féidir Caisleán Leasa Mhóir a fháil ar cíos do bhainiseacha ar feadh dhá lá ar chostas €27,000. 

Chuir an ghluaiseacht dhomhanda díchoilínithe a d’éirigh aníos le blianta beaga anuas brú ar mhuintir Cavendish “tabhairt faoi iniúchadh domhain ar na naisc stairiúla leis an sclábhaíocht thrasatlantach, Impireacht na Breataine agus an coilíneachas”. Níl aon torthaí foilsithe acu ar an “iniúchadh” seo, ach fiú dá mbeadh, nach cuma? Tá an chlann ag cloí leis an ngaol coilíneach trí bhrú a chur ar fheirmeoirí cíos áiféiseach a íoc. Agus tá saibhreas ollmhór acu go fóill i Sasana de bharr na sclábhaíochta. 

Tá sé soiléir nár thug an “neamhspleáchas” a baineadh amach in 1922 dúshlán ceart don socrú eacnamaíochta coilíneach. D’fhan na struchtúir mar a bhí. Sa chomhthéacs sin lean tiarnaí gallda agus caipitlithe dúchasacha ag feidhmiú de réir na loighce céanna; luach saothar a bhaint ón ngnáthdhuine chun a chur ina bpócaí féin. Is rian den teip seo é sealúchas an Diúic Devonshire in Éirinn agus an scannal atá ag dul ar aghaidh ar Chnoc Mhaoldomhnaigh go fóill.


Is staraí gairmiúil é Kerron Ó Luain a bhain a chéim dhochtúireachta ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.