Léamhthuiscint: Cúrsaí taistil

Domhnall Mac Concharraige                

Binn Éadair, Baile Átha Cliath
Grianghraf: Cóilín Duffy

Is léir go bhfuil fonn taistil ar go leor daoine ar na laethanta seo. Téann na mílte Éireannach thar lear gach bliain go dtí tíortha éagsúla ar fud an domhain. Is iomaí saghas taistil atá i gceist. Ar lámh amháin, téann daoine thar lear lena gclann go dtí ionad saoire ar feadh seachtaine, agus ar an lámh eile téann daoine eile thar lear ar feadh bliana ag taisteal ó thír go tír.

Tá modhanna taistil níos saoire anois ná mar a bhí said riamh. Is féidir margadh maith a fháil ar an idirlíon ar thuras go dtí áit ar bith san Eorap. Tá lóistín ar fáil go réasúnta saor freisin. Bíonn daoine sásta dul thar lear ar bheagán airgid ar na laethanta seo. Tugtar turasóirí mála droma ar an dream seo. Téann said timpeall an domhain ag fanacht i mbrúnna óige agus ag taisteal ar thicéad traenach.

Bíonn míbhuntaistí ag baint leis an taisteal áfach. Caithfidh tú a bheith cúramach nuair atá tú ag taisteal go tíortha áirithe mar bíonn galair ann nó bíonn cogadh éigin ar siúl. Uaireanta eile bíonn níos mó struis ag baint leis an laethanta saoire féin ná an saol sa bhaile! Moill curtha ar eitleán nó ar long, easpa cumarsáide, uisce nó bia salach agus a leithéid.

Thar aon rud eile áfach, tá buntáistí móra ag baint leis an taisteal. Faigheann tú eolas ar thíortha agus ar chultúir eile. Faigheann tú deis teanga iasachta a chleachtadh. Blaiseann tú bia agus deochanna éagsúla. Tugann sé sos do dhaoine ó ghnáthchúrsaí an tsaoil. Buaileann tú le cairde nua agus bíonn spraoi den scoth agat! Is taithí iontach é an taisteal gan dabht.


Ceisteanna buntuisceana

  1. Ainmnigh dhá shaghas taistil atá ann dar leis an údar.
  2. Cén bhaint atá ag an idirlíon le cúrsaí taistil?
  3. Luaitear turasóirí mála droma sa dara halt. Cé hiad an dream seo?
  4. Luaigh dhá mhíbhuntáiste atá ag baint leis an taisteal.
  5. Ainmnigh dhá bhuntáiste atá ag baint leis an taisteal.
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.