Mír ghramadaí 79: Caint indíreach 2

Caint indíreach san aimsir chaite

Nuair a úsáidtear briathar san aimsir chaite chun caint dhíreach a dhéanamh indíreach athraíonn an aimsir láithreach san abairt go dtí an aimsir chaite, agus athraíonn an aimsir fháistineach go dtí an modh coinníollach. Ní athraíonn an aimsir chaite ná an modh coinníollach. Féach na samplaí seo a leanas:

Caint dhíreachCaint indíreach
Aimsir láithreach go haimsir chaite‘Tá Síle ag teacht’Dúirt Pól go raibh Síle ag teacht
Aimsir fháistineach go modh coinníollach‘Beidh mé ag an gcluiche’Dúirt Pól go mbeadh sé ag an gcluiche
Aimisir fháistineach go modh coinníollach‘Ní bheidh mé ag an gcluiche’Dúirt Pól nach mbeadh sé ag an gcluiche
Aimsir chaite, gan athrú‘Chonaic mé an scannán’Dúirt Pól go bhfaca sé an scannán
Aimsir chaite, gan athrú‘Ní fhaca Éamonn an scannán’Dúirt Pól nach bhfaca Éamonn an scannán
Modh coinníollach, gan athrú‘Rachainn dá mbeadh an t-airgead agam’Dúirt Pól go rachadh sé dá mbeadh an t-airgead aige
Modh coinníollach, gan athrú‘Ní rachainn dá ndéarfá liom’Dúirt Pól nach rachadh sé dá ndéarfá leis.

Críochnaigh na habairtí seo a leanas:

  1. ‘Thóg mé an leabhar abhaile’ – Dúirt Sinéad __________________________________
  2. ‘Tiocfaidh mé abhaile amárach’ – Dúirt Peadar _____________________________
  3. ‘Ní fheicim iad’ – Dúirt Fionnuala _______________________________
  4. ‘Buailfidh mé léi sa phictiúrlann – Dúirt Pól _________________________
  5. ‘Ní bheidh an siopa ar oscailt’ – Dúirt an búistéir _____________________
  6. ‘Cheannóinn teach dá mbeadh an t-airgead agam’ – Dúirt Máire ______________________
  7. ‘Ní thitfidh praghas na hola go luath’ – Léigh mé in An Páipéar ___________________
  8. ‘Táim ag iarraidh dul abhaile’ – Dúirt an scoláire  _____________________
  9. ‘Ní bheidh mé istigh amárach’ – Dúirt an príomhoide _____________________
  10. ‘Tá mé tinn tuirseach den amaidí seo’ – Dúirt Mamaí _____________________
  11. ‘Scríobhfaidh mé mír ghramadaí eile’ – Gheall mé don eagarthóir __________________
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.