Cóilín Duffy
Tá saineolaithe ó Choláiste na Tríonóide ag iarraidh ar an rialtas agus ar lucht déanta beartais in Éirinn gortuithe cloiginn sa spórt a aithint mar cheist mhór sláinte poiblí, tar éis dóibh fianaise láidir nua a chur os comhair an Choiste Oireachtais um Ealaíona, Meáin, Cumarsáid, Cultúr agus Spórt Dé Céadaoin an 29 Aibreán.
D’inis an tOllamh Colin Doherty, Ceann Scoil an Leighis i gColáiste na Tríonóide agus sainchomhairleoir cliniciúil, don choiste go bhfuil gnáth-imbhuailtí i spóirt éagsúla ag cur le gortú inchinne fadtéarmach ar bhealach nach féidir neamhaird a dhéanamh de níos mó.
Dar leis, cé go bhfuil bainistíocht chomhtholgtha riachtanach, níl sí sách fairsing a thuilleadh mar go léiríonn taighde anois go mbíonn tionchar ag tuairteanna fo-chomhtholgtha, buillí beaga athfhillteacha nach mbíonn a gcomharthaí le feiceáil láithreach, ar shláinte na hinchinne thar thréimhse fhada ama.