Bhí deireadh seachtaine den scoth ar Inis Mór Dé Sathairn seo caite agus Comórtas Peile na nOileán 2026 á reáchtáil ar Pháirc Chill Éinne, áit ar cuireadh fáilte mhór roimh fhoirne agus lucht tacaíochta ó oileáin éagsúla ar fud na tíre.
Bhí foirne ó Inis Mór, Inis Meáin, Inis Oírr, Árainn Mhór, Inis Bó Finne, Oileán Béarra, Faoide, Cliara agus Inis Toirc páirteach sa chomórtas, rud a chruthaigh atmaisféar láidir pobail le spórt, ceol agus spraoi le sonrú i gcaitheamh an deireadh seachtaine.
I gcluiche ceannais na bhfear bhain Inis Mór craobh 2026 amach tar éis bua chrua ar Oileán Bhéara ar scór 3-9 go 0-16. Bhí an cluiche thar a bheith iomaíoch ó thús deireadh, agus bhí Inis Mór chun tosaigh ag leath ama ar 1-5 go 0-7. Thug imreoirí Oileán Béarra gach iarracht ar son an gheansaí ghoirm agus bháin, ach ba iad fir Inis Mór a sheas an fód sa dara leath chun Corn na bhFear a ardú os ard ar a bpáirc bhaile féin.