Beidh croí agus cuisle phobal na Gaeltachta le brath go láidir timpeall na tíre an deireadh seachtaine seo agus babhtaí cáilithe agus ceannais áitiúla Chomórtas Peile na Gaeltachta 2026 á reáchtáil i nGaillimh, i Maigh Eo agus i nDún na nGall, agus na céadta imreoirí, lucht tacaíochta agus pobail áitiúla ag ullmhú do cheann de mhórócáidí fhéilire CLG na Gaeltachta.
I nGaillimh beidh formhór na súl dírithe ar an Spidéal, áit a mbeidh féile mhór heile ar siúl idir Dé Sathairn agus Dé Luain, an 2 go dtí an 4 Bealtaine, mar chuid de bhabhtaí cáilithe Chontae na Gaillimhe. Beidh 11 chluiche san iomlán á n-imirt thar thrí lá i gcomórtais éagsúla idir shinsir, sóisir, idirmheánach agus faoi 17, agus naoi gcinn díobh sin ar Pháirc an Athar Mac Suibhne sa Spidéal. Beidh cluichí eile ar siúl i Ros an Mhíl chomh maith. I measc na mbuaicphointí beidh cluichí sinsir na bhfear idir Maigh Cuilinn agus Baile Chláir, chomh maith leis an Spidéal i gcoinne Bhearna-na Forbacha, agus cluichí ceannais Dé Luain a shocróidh cé hiad a rachaidh ar aghaidh chuig an bhféile náisiúnta.
I Maigh Eo, is i mBaile an Chaisil i dtuaisceart Mhaigh Eo a bheidh imeachtaí an chontae ar bun. Tosóidh an deireadh seachtaine le cluichí sóisearacha Dé Sathairn i bPáirc Tom Langan, áit a mbeidh Béal an Mhuirthead, Béal an Mhuirthead B, Tuar Mhic Éadaigh agus Acaill ag tabhairt aghaidh ar a chéile. Beidh cluiche leathcheannais sinsir na bhfear idir Cill Chomáin agus Béal an Mhuirthead mar phríomhimeacht an tSathairn, agus cluichí ceannais sóisir agus sinsir socraithe do Lá Saoire Bealtaine, áit a mbeidh craobh chontae agus áit sa chomórtas mór náisiúnta le buachan.