Sos comhraic sa Mhurascaill le teacht chun deiridh

Cathal Ó Murchú

Tá sos comhraic idir comhghuaillíocht Mheiriceá-Iosrael agus Poblacht Ioslamach na hIaráine le teacht chun deiridh, sos a fógraíodh coicís ó shin le bheith ar siúl ar feadh coicíse. In ainneoin idirbheartaíochtaí síochána a beartaíodh faoi stiúir na Pacastáine in Islamabad idir an dá chéile comhraic níl mórán i ndóchais ann go mbeidh aon rath leo.

Nuair a chas an dá pháirtí lena chéile, tháinig na hIaránaigh le toscaireacht mhór 70 duine, plécháipéisí, léirscáileanna agus ullmhúchán dáiríre do phlé dáiríre. Seachas Leas-Uachtarán na Stát Aontaithe JD Vance a bheith i láthair, ní raibh an chuma ar an scéal gur chuir na Meiriceánaigh ná na hIosraelaigh mórán oibre ullmhúcháin isteach don idirbheartaíocht sa réamhchruinniú.

Le linn an tsosa comhraic d’fhógair Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump go raibh bac curtha aige ar aon easpórtáil hidreacharbónach de chuid na nIaránach ó Mhurascaill na Peirse, beart a chuir go mór ar bhealach níos measa leis an ngéarchéim breosla ar fud an domhain. Imshuí atá sa bheart seo, beart chreidtear go ginearálta a bheith ina ghníomh cogaíochta de réir Choinbhinsiún na Ginéive.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.