Caingean dlí ar pholasaí Gaeilge Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste diúltaithe

Chaith an Breitheamh McLaughlin an t-athbhreithniú breithiúnach amach san Ard-Chúirt

Jack Mac Íomhair

Rialaigh an Breitheamh McLaughlin nach raibh na nósanna imeachta chun athmhachnamh a dhéanamh ar pholasaí Gaeilge molta mídhleathach. 

Dhiúltaigh an breitheamh do líomhaintí gur sháraigh an dóigh ar láimhseáil an chomhairle na rialacha vótála cosaintí atá i bhfeidhm chun dearcthaí mionlaigh a chosaint.

Thosaigh gníomhaí de chuid Ghlór Traidisiúnta na nAontachtaithe, Ann McClure, imeachtaí dlí a thionscnamh in aghaidh na comhairle i ndiaidh gur fhaomh Comhairle Cathrach Bhéal Feirste an dréachtpholasaí Gaeilge i mí Dheireadh Fómhair. 

Chuir a foireann dlí cás i láthair nár baineadh úsáid as scéim ‘glaoch isteach,’ na comhairle mar is ceart. 

Dhiúltaigh an Breitheamh McLaughlin an chás ar bhoinn éagsúla.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!