Rinne an leon gáire nuair a dhein an luch iarracht búiríl

Eoin Ó Murchú

Cé go bhfuil an Eastóin go hoifigiúil ag lorg deireadh leis an gcogadh chun a caidreamh leis an Rúis a athshocrú, agus an Ghearmáin anois ag glacadh leis go gcaithfidh an Úcráin flaitheas na Rúise a aithint ar chríoch a bhíodh Úcránach tráth, d’eisigh Aire Gnóthaí Eachtracha na Fionlainne, Elina Valtonen, rabhadh don tSín nach mbeidh aon mhargadh trádálaleis an AE acu mura ngearrfaidh an tSín a naisc leis an Rúis.

Sampla an tseafóid seo de ghalar atá coitianta i measc antoiscigh an Atlantachais. Is deacair d’Eorpaigh liobrálacha glacadh leis nach bhfuil an domhan dírithe ar an Eoraip, ná baol air. 

Is féidir le hEorpaigh déileáil leis an eite dheas antoisceach, nó le ráflaí Donald Trump ina n-aghaidh. Ach ní féidir leo déileáil leis go bhfuil neamhaird á déanamh orthu. Le breis is 3,000 bliain tá an Eoraip i lár na cruinne pholaitiúla, cultúrtha agus eacnamaíche. Síleann sí fós go bhfuil.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.